Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Comhairle faoi Agallamh

Grianghraf dubh agus bán d’iarrthóir i mbun físagallaimh ag baint úsáid as fón póca ar sheastán


D’fhéadfadh agallaimh a bheith dian ar dhaoine, ach trí chleachtadh agus ullmhúchán, is féidir leat deis mhaith a thabhairt duit féin chun go n-éireoidh go maith leat ag staid agallaimh ár bpróisis roghnaithe. Tá eolas úsáideach sa chuid seo faoin gcaoi ar féidir leat ullmhú d’agallamh agus do dhícheall a dhéanamh ag staid an agallaimh.


Cineálácha Agallamh

Le roinnt blianta anuas, tá réimse de theicneolaíochtaí nua á scrúdú agus á n-úsáid againn chun tacú le gnéithe éagsúla dár bpróiseas earcaíochta. Mar aon le hagallaimh bheo aghaidh ar aghaidh, déantar cuid mhaith dár n-agallaimh ó chian trí úsáid a bhaint as teicneolaíochta físe. Is féidir go ndéanfar agallaimh ag staideanna éagsúla den phróiseas roghnaithe agus uaireanta bíonn agallaimh físe uathoibrithe, agallaimh físe bheo nó agallaimh aghaidh ar aghaidh i gceist. Is féidir leat a bheith cinnte nach mbeidh suim sa phainéal ach sa mhéid atá le rá agat agus i d’oiriúnacht don phost le linn an agallaimh. Ní dhéanfaidh siad measúnú ar cé chomh compordach is atá tú ar ceamara in agallamh físe.

 

Agallamh Físe Uathoibrithe

Déantar Agallamh Físe Uathoibrithe gan painéal d’agallóirí a bheith ar an scáileán. Ina ionad sin, beidh na ceisteanna le feiceáil ar an scáileán. Beidh ort tú féin a thaifeadadh fad is atá freagraí á dtabhairt agat ar na ceisteanna, de réir mar a thagann siad aníos ar an scáileán. Ag tús an Agallaimh Físe Uathoibrithe, beidh an deis agat roinnt ceisteanna samplacha a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar an bpróiseas agus chun taithí a fháil ar a bheith ‘ag labhairt leis an scáileán’. Is fiú a thuiscint go mbeidh ort gach ceist a fhreagairt nuair a chuireann tú tús leis an agallamh, agus nach mbeidh cead agat dul siar agus freagra a athdhéanamh. Nuair atá na ceisteanna comhlíonta agat, déanann baill an Bhoird Agallaimh iad a mheas níos déanaí.

 

Agallamh Físe Beo

Is físghlao comhdhála beo le painéal agallaimh atá i gceist, cosúil le hagallamh aghaidh ar aghaidh. Don chineál seo agallaimh, beidh tú in ann logáil isteach cúpla nóiméad roimh am tosaithe an agallaimh, agus gheobhaidh tú teachtaireacht chun a chur in iúl duit go bhfuil tú i ‘seomra feithimh’. Cuirfear an bord agallaimh ar an eolas nuair atá tú sa seomra feithimh agus ligfidh siad isteach thú nuair atá siad réidh.

Tá an próiseas an-chosúil le hagallamh aghaidh ar aghaidh agus, nuair atá tú istigh sa chruinniú, beidh tú in ann baill an bhoird agallaimh a fheiceáil agus beidh siadsan in ann tusa a fheiceáil. Cuirfidh siad ceisteanna ort agus cuirfidh siad aithne ort, ar an gcaoi chéanna a ndéanfaí i ngnáth-agallamh aghaidh ar aghaidh. Ag deireadh an agallaimh, iarrfar ort an cruinniú a ‘Fhágáil’ agus fanfaidh an painéal agallaimh go dtí go n-imíonn tú sula dtéann siad ar aghaidh.

 

Agallamh aghaidh ar aghaidh

Do róil áirithe, is féidir go mbeadh agallamh aghaidh ar aghaidh i gceist. Cuirfidh painéal saineolaithe faoi agallamh thú, a chuirfidh réimse ceisteanna ort a chabhróidh leat do scileanna agus do thaithí a léiriú, agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le d’oiriúnacht don ról.


Roimh an Agallamh

Molaimid d’iarrthóirí a fuair cuireadh chuig an staid agallaimh de phróiseas roghnaithe a bheith ullmhaithe agus samplaí éagsúla a bheith roghnaithe acu a léiríonn na scileanna agus na hinniúlachtaí atá ag teastáil don ról.

De ghnáth, bíonn ár n-agallaimh dírithe ar inniúlachtaí, rud a chinntíonn go ndéantar gach iarrthóir a mheas ar bhealach cothrom agus trédhearcach. Tá sé tábhachtach go n-ullmhaíonn tú samplaí atá dírithe ar inniúlachtaí ar féidir leat iad a úsáid chun ceisteanna áirithe a chuirtear ort le linn an agallaimh a fhreagairt.

 

Leideanna don té atá ag Ullmhú d’Agallamh

  • Léigh an Cur Síos ar an bPost agus Leabhrán Eolais go cúramach agus breac nótaí faoin gcaoi a gcomhlíonann tú na riachtanais.
  • Féach ar na hinniúlachtaí a ndéantar cur síos orthu sa chur síos ar an bpost agus ar an competency framework model chun tuilleadh sonraí a fháil faoin ngrád a mbeidh tú ag déanamh agallaimh dó.
  • Foghlaim faoin Státseirbhís agus faoin tSeirbhís Phoiblí agus faigh tuiscint ar na Ranna agus na hOifigí Rialtais trí fhéachaint ar a suíomhanna gréasáin.
  • Féach ar do chlár teachtaireachtaí publicjobs.ie go rialta agus bí cinnte go bhfuil dáta agus am d’agallaimh ar eolas agat. 
  • Faigh tuiscint ar mhúnla STAR (Eachtra, Tasc, Beart, Toradh) chun ceisteanna agallaimh a fhreagairt, a ndéantar cur síos air thíos.

 

Seo a leanas cúpla leid a chabhróidh leat ullmhú don agallamh:

 

Blue round icon with white outline graphic showing a CV

Bíodh eolas agat ar do thaithí

Purple round icon with white outline graphic to demonstrate skills

Léirigh na scileanna riachtanacha

Green round icon with white outline graphic of an ear to demonstrate listen to the question

Éist leis na ceisteanna

Pink round icon with white outline graphic of person on a computer screen asking a question

Tabhair samplaí

Yellow round icon with white outline graphic of person asking a question

Cuir ceisteanna



Do Shamplaí Inniúlachta agus do Thaithí a Ullmhú

  • Déan machnamh ar do thaithí ghairme, do chúlra oideachais, d’obair dheonach agus do thaithí phearsanta agus aimsigh samplaí a léiríonn do chumas na hinniúlachtaí agus na riachtanais ábartha a chomhlíonadh.
  • Déan liosta de na rudaí is mó atá bainte amach agat go dtí seo, rudaí a bhfuil bród ort astu agus rudaí ar chuir tú go mór leo in aon ghné de do shaol.
  • Ná bí umhal ná cúthail faoi seo - abair amach é!
  • Ba chóir duit thart ar 10 n-eácht éagsúla a lua ar fad, ó réimsí éagsúla de do shaol m.sh oideachas, obair, ábhair spéise srl.
  • Scríobh síos na tréithe nó scileanna is láidre atá agat, dar leat, agus roghnaigh thart ar chúig thréith a bhaineann, dar leat, leis an bpost a bhfuil tú ag cur isteach air.
  • Ullmhaigh do cheisteanna agus smaoinigh ar fhreagraí a bhaineann leis an gcur síos ar an bpost.
  • Tá sé tábhachtach a chuimhniú go dteastóidh ón bpainéal agallaimh a fháil amach conas a ullmhaíonn do thaithí, do scileanna agus do thréithe féin thú don phost atá i gceist..
  • Chun muinín a thabhairt duit, ba chóir duit a bhfuil le rá agat san agallamh a rá le cara, le duine muinteartha nó le comhghleacaí..
  • Más féidir, déan taifead díot féin ar théip nó ar fhíseán chun go gcloisfidh tú thú féin agus / nó chun díriú ar gan an iomarca comharthaí a dhéanamh.

D’agallaimh atá dírithe ar inniúlachtaí, ba chóir duit úsáid a bhaint as múnla STAR chun do chuid freagraí a eagrú ionas go mbeidh tú in ann freagraí iomlána a thabhairt ar bhealach eagraithe.

  • Eachtra: Bain úsáid as abairt nó dhó chun cur síos a dhéanamh ar an áit ar oibrigh tú inti nó a ndearna tú staidéar inti, ar do ról, agus chun an t-eolas ábartha a thabhairt a mhíníonn an comhthéacs.
  • Tasc:Déan cur síos soiléir ar an bhfadhb nó ar an dúshlán a bhí romhat agus ar an sprioc a raibh tú ag tabhairt faoi.
  • Beart: ODéan cur síos ar na nithe a rinne tú chun an eachtra a réiteach nó chun cur go dearfach leis an gcás. Déan mionchur síos ar na céimeanna a ghlac tú, ar aon dúshláin a bhí romhat, agus ar na scileanna ar leith ar bhain tú úsáid astu.
  • Toradh: Déan cur síos ar thorthaí do bhirt agus ar na nithe a bhain tú amach sa chás sin. Tá sé tábhachtach nasc a dhéanamh idir an scil nó an inniúlacht atá á léiriú agat agus an post a bhfuil tú ag cur isteach air agus mínigh na nithe a d’fhoghlaim tú ón eachtra.

Chun an cúlra a thabhairt, cuir na ceisteanna seo ort féin:

  • CÉN UAIR agus CÉN ÁIT ar tharla an eachtra seo?
  • CÉARD leis a raibh tú ag súil / CÉARD leis a rabhthas ag súil go ndéanfá?
  • CÉ eile a bhí páirteach?
  • CÉARD a rinne tú...?

WCéard iad na tascanna agus an beart a rinne tú? Agus cén chaoi ar bhain tú leas as do bhuanna?

  • Cuir na ceisteanna seo ort féin: “Cé chaoi, cén fáth, céard?”
  • Cén chaoi ar eagraigh tusa é sin? Cén fáth ar shocraigh tú é seo a dhéanamh? Céard a rinne tú go háirithe chun rudaí a chur ar aghaidh?

Cén toradh a bhí ar do ghníomhaíochtaí?

  • Cén toradh a bhí ar an obair?
  • Cén chaoi a raibh a fhios agat gur éirigh go maith leis?
  • Cén chaoi ar mheas tú é sin?
  • Cén fáth a gceapann tú gur éacht maith a bhí ann?

Samplaí ar na ceisteanna a chuirtear ag agallamh atá dírithe ar inniúlachtaí:

  • Inis dom faoi am ar léirigh tú scileanna idirphearsanta
  • Tabhair sampla d’am ar sháraigh tú cás dúshlánach
  • Déan cur síos ar am ar réitigh tú coimhlint
  • An raibh ort riamh obair a dhéanamh faoi bhrú

Le linn d’Agallaimh ó chian

Ba chóir duit machnamh a dhéanamh ar roinnt nithe nuair atá agallamh físe ó chian á dhéanamh agat.

Technology

  • Luas an Idirlín: Tá 1 Mheigighiotán an soicind riachtanach do cheangal soiléir HD. Is féidir leat luas d’idirlín a thástáil tríd an nasc seo
  • Do Ghléas a Thástáil: Beidh an deis agat do ghléas a thástáil roinnt laethanta roimh d’agallamh.
  • Ríomhaire Glúine/Fón/Taibléad: Cinntigh go bhfuil do ghléas lánluchtaithe roimh d’agallamh agus go bhfuil ceamara gréasáin/ceamara éadain air.
  • Fuaim agus Ceamara: Cinntigh go bhfuil do mhicreafón agus do cheamara ag obair i gceart agus go bhfuil an fhuaim agus an pictiúr soiléir. Ar ár n-ardáin físagallaimh, is féidir leat tástáil a dhéanamh ar an bhfuaim agus ar an gceamara chun a chinntiú go bhfuil gach rud ag obair i gceart roimh d’agallamh.
  • A Chinntiú nach gCuirtear Isteach ort: Má tá fón póca á úsáid agat don fhísagallamh, bí cinnte go bhfuil an fheidhm ‘ná cuir isteach orm’ i bhfeidhm, chun teachtaireachtaí nó glaonna nua a sheachaint. Má tá ríomhaire pearsanta/ríomhaire glúine á úsáid agat don fhísagallamh, bí cinnte nach bhfuil aon táb eile ar oscailt, agus múch d’fhón póca, nó cuir ar ciúnas é, chun nach gcuirtear isteach ort.
  • Deacrachtaí Teicniúla: Má tá deacrachtaí agat leis an teicneolaíocht roimh nó le linn d’agallaimh, téigh i dteagmháil linn a luaithe is féidir. Tá sé ceart go leor deacrachtaí a chur in iúl do na hagallóirí nó é a rá leo mura bhfuil tú in ann iad a fheiceáil go soiléir.

Suíomh

  • Ionad:  Roghnaigh áit chiúin, nach gcuirtear isteach ort inti. Seans go mbeadh sé úsáideach comhartha a chur ar an doras chun a chur i gcuimhne do dhaoine eile nár chóir dóibh cur isteach ort.
  • Soilse: Roghnaigh áit ina bhfuil neart solais, agus cúlra glan geal.
  • Ceamara: Cuir an ceamara ag leibhéal na súl, más féidir (seans go mbeadh fonn ort carn leabhar nó bosca a chur faoi go ghléas chun cabhrú leat sin a dhéanamh). Má tú fón póca/taibléad in úsáid agat, déan iarracht a chinntiú go bhfanann sé socair le linn an agallaimh - más féidir, bain úsáid as seastán chun an gléas a choimeád ina sheasamh. Ní mór go mbeadh do cheann agus do ghuaillí le feiceáil ar an scáileán.
  • Gnás Feistis: Cé go mbeidh tú i d’áit chónaithe féin, bíonn sé an-chabhrach do roinnt daoine iad féin a ghléasadh sa chaoi chéanna a ngléasfaidís iad féin d’agallamh aghaidh ar aghaidh.
  • Seans go mbeadh sé úsáideach gloine uisce a bheith agat.

D’aird a dhíriú ar an agallamh

Is fiú a thuiscint go bhfuil féachaint sa tsúil agus iompar coirp chomh tábhachtach i bhfísagallamh is atá siad in agallamh aghaidh ar aghaidh.

  • Cuimhnigh féachaint go díreach ar an gceamara gréasáin, seachas ar do scáileán féin, agus tú ag caint. Cabhróidh sé seo leat do shúile a ailíniú le súile na n-agallóirí. Is féidir leat féachaint ar do scáileán arís agus tú ag éisteacht.
  • Cuimhnigh gur chóir duit suí díreach le do dhroim i gcoinne na cathaoireach agus do ghuaillí ar oscailt. Is féidir go gcabhróidh sé seo leat meon dearfach a léiriú.
  • Le linn an agallaimh, ba chóir duit do cheann a chlaonadh agus miongháire a dhéanamh nuair is cuí chun a léiriú go bhfuil tú dírithe go hiomlán ar an agallóir.

Le linn d’Agallaimh aghaidh ar aghaidh

Maidir le hagallaimh aghaidh ar aghaidh, ba chóir go mbeadh am d’agallaimh ar eolas agat agus ba chóir go mbeadh a fhios agat cén chaoi a mbainfidh tú an áit amach. Is féidir leat sonraí faoin áit a bhfuil muid a fháil ar an leathanach Cá bhfuil muid?

Murar féidir leat a bheith i láthair don agallamh Déan Teagmháil Linn a luaithe is féidir.

Nuair a bhaineann tú ionad an agallaimh amach, ba chóir duit d’ainm a thabhairt ag an deasc fáilte agus seiceálfar isteach thú agus iarrfar ort fanacht sa seomra feithimh cuí. Beidh ort aitheantas fótagrafach a thabhairt leat, mar aon le haon cháipéisí eile atá ag teastáil.

Nuair atá d’agallamh chun tosú, cuirfidh ball den phainéal agallaimh fáilte romhat isteach sa seomra cruinnithe cuí.


Cóiríocht Réasúnta

Tá muid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí faoi mhíchumas tríd an bpróiseas roghnaithe. Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat eolas a chabhródh leat do dhícheall a dhéanamh le linn d’agallaimh, dar leat, a roinnt, téigh i dteagmháil leis an aonad earcaíochta a bhfuil an feachtas á bhainistiú acu nó lenár dTacadóir Míchumais chun do riachtanais a phlé. Tá tuilleadh eolais faoi Chóiríocht Réasúnta ar fáil ar an leathanach seo a leanas Inrochtaineacht.

Bí ar an eolas go gcuirfear níos mó sonraí faoi do phróiseas agallaimh ar fáil duit trí do chlár teachtaireachtaí ar publicjobs.ie roimh an agallamh.