
Creidimid go gcuireann fostaithe ó gach carn den tsochaí fuinneamh in ionaid oibre, rud a spreagann polasaithe, cláir agus seirbhísí níos freagrúla agus níos ionchuimsithí. Tá daoine ag croílár ár ngnó agus is í an tosaíocht atá againn lucht saothair den scoth ina bhfuil éagsúlacht le brath a earcú chun seirbhísí poiblí freagrúla agus ionchuimsitheacha a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.
TEarcaítear formhór na ról Státseirbhíse agus Seirbhíse Poiblí trí chomórtais earcaíochta ina mbíonn líon mór iarratas (róil d’Oifigigh Chléireachais Shealadacha agus Bhuana, d’Oifigigh Feidhmiúcháin, do Ghardaí faoi Oiliúint, d’Oifigigh Phríosúin, do Thríú Rúnaithe, agus d’Oifigigh Riaracháin / róil do Chéimithe srl.). Maidir le poist Ghairmiúla, Theicniúla agus Bhainistíochta ar leith, déanaimid earcaíocht ar bhonn saincheaptha le linn na bliana.
Toisc go meallann comórtais earcaíochta do roinnt ról sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí líon mór iarrthóirí, caithfidh iarrthóirí tabhairt faoi réimse de thrialacha agus de chleachtaí measúnaithe cuí le linn roinnt staideanna roghnaithe. Bainimid úsáid as cur chuige atá á threorú ag éileamh, a chiallaíonn gur féidir go gcuirfí iarrthóirí ar aghaidh i ngrúpaí trí staideanna éagsúla measúnaithe ag amanna éagsúla, bunaithe ar líon na bhfolúntas a thagann chun cinn.
Gnáthamlínte Earcaíochta
Braithfidh amlínte ar chúinsí éagsúla, lena n-áirítear (ach ní liosta iomlán é seo); líon na n-iarratas, líon na bhfolúntas, agus na hacmhainní atá ar fáil mar gheall ar líon na gcomórtas eile atá beo ag am áirithe. De ghnáth, maireann painéal thart ar 18-24 mhí agus is féidir go gcuirfí iarrthóirí faoi mheas am ar bith. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go bhfaighidh iarrthóir tairiscint ar phost má chuirtear ar phainéal iad. Braitheann líon na ról a líontar ó phainéal ar líon na bhfolúntas ábhartha a thagann chun cinn le linn na tréimhse sin.
Uaireanta, maireann comórtais earcaíochta ina mbíonn líon mór iarratais do ghráid ghinearálta, m.sh. Oifigigh Chléireachais Shealadacha nó Bhuana, Oifigigh Feidhmiúcháin agus Oifigigh Riaracháin, roinnt míonna de bharr líon suntasach na n-iarratas a fhaightear de ghnáth. De ghnáth, téann iarrthóirí trí gach staid den phróiseas earcaíochta i ngrúpaí. Braithfidh uimhir do ghrúpa ar an marc a fuair tú, i gcomparáid le gach iarrthóir eile, ag an staid chuí sa chomórtas ábhartha. Téann iarrthóirí a bhaineann marcanna níos airde amach ar aghaidh níos luaithe.
Déanfar ár rannán ina bhfuil An tEolas is Déanaí faoi Fheachtais a nuashonrú le heolas ábhartha faoi chomórtais ar leith agus tabharfar tuiscint níos fearr duit ansin ar na hamlínte atá beartaithe dár bhfeachtais.
Staideanna inár bPróiseas Earcaíochta
Bíonn ár bpróiseas earcaíochta difriúil, ag brath ar an ról áirithe atá i gceist nó ar an gcineál comórtais atá á reáchtáil. Bíonn roinnt staideanna i gceist sa phróiseas earcaíochta, a ndéantar cur síos orthu thíos. Is fiú a thabhairt faoi deara nach mbaintear úsáid as na staideanna céanna do gach ról. Ina theannta sin, tá an liosta thíos de na measúnuithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist rangaithe, ach níl sé in ord croineolaíoch. Is féidir go mbeadh trialacha nó cleachtaí eile a aithníodh mar thrialacha nó chleachtaí cuí le déanamh sa phróiseas earcaíochta.
Roimh gach staid den phróiseas earcaíochta, gheobhaidh tú cuireadh trí do chlár teachtaireachtaí ar publicjobs.ie. Nuair a ghlacann tú le cuireadh, is féidir go seolfar ábhar taithíochta, cáipéisí nó ainmneacha na measúnóirí chugat roimh an measúnú.
Bí ar an eolas nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtabharfar tairiscint ar phost duit, cé go ndéanaimid iarracht gan iarrthóirí a chur ar phainéal mura bhfuil an t-éileamh ann, mar is féidir nach mbainfear d’áit ar an bpainéal amach má tá an t-éilamh níos ísle ná an t-éileamh a rabhthas ag súil leis.
Toisc go mbíonn ár bpróiseas earcaíochta casta agus toisc go dtéann roinnt grúpaí éagsúla ar aghaidh i rith thréimhse an chomórtais, go háirithe do chomórtais ina mbíonn líon mór iarratas, moltar go láidir d’iarrthóirí féachaint ar Leabhrán Eolais an Chomórtais do gach comórtas earcaíochta chun a dheimhniú go gcomhlíonann tú na riachtanais cháilitheachta sula gcuireann siad iarratas isteach nó sula dtugann siad faoi na staideanna measúnaithe éagsúla.
Gluais Téarmaí
- Leabhrán Eolais an Chomórtais:Tá Leabhrán Eolais ar fáil do gach comórtas ina gcuirfear sonraí ar fáil faoin ról, faoin údarás fostaithe, faoi riachtanais cháilitheachta, faoin bpróiseas earcaíochta agus faoin luach saothair.
- An Próiseas Earcaíochta: Is é an próiseas earcaíochta an liosta de staideanna measúnaithe a ndéantar cur síos air i Leabhrán Eolais an Chomórtais.
- Incháilitheacht: Bíonn critéir cháilitheachta ar leith i bhfeidhm do gach ról, a ndéanfar cur síos orthu i Leabhrán Eolais an Chomórtais. Ní mór d’iarrthóirí gach critéar cáilitheachta a chomhlíonadh, m.sh. taithí ar leith a bheith acu nó cáilíocht ar leith, agus, mura gcomhlíonann siad na critéir, ní cheapfar iad. Is faoin iarrthóir atá sé a chinntiú go gcomhlíonann siad na riachtanais cháilitheachta a ndéantar cur síos orthu i Leabhrán Eolais an Chomórtais.
- Measúnuithe:Ciallaíonn measúnuithe trialacha, agallaimh nó próisis éagsúla a mbaintear úsáid astu le linn an phróisis earcaíochta. Déantar cur síos ar gach staid a d’fhéadfadh a bheith i gceist sa rannán Ár bPróiseas Earcaíochta.
- Staideanna: Is iad na staideanna na céimeanna agus na measúnuithe a bhaineann leis an bpróiseas earcaíochta ó staid an iarratais go staid an cheapacháin. Tá sonraí faoi na céimeanna agus na staideanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar fáil thíos.
- Ábhar Taithíochta: Ag staideanna éagsúla den phróiseas earcaíochta, seans go seolfar ábhar taithíochta chugat chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar leagan amach na measúnuithe a bheidh le déanamh.
- Sraitheanna: Bíonn sraitheanna éagsúla i gceist i roinnt comórtas agus bíonn critéir cháilitheachta éagsúla acu. Mar shampla, tá comórtais ‘Oscailte’ ann (tá baill den phobal cáilithe chun iarratas a chur isteach, má chomhlíonann siad na critéir cháilitheachta eile) agus comórtais ‘Idir-Rannacha’ (níl cead ach ag Státseirbhísigh cur isteach orthu, má chomhlíonann siad na critéir cháilitheachta eile). Is féidir go ndéanfar iarrthóirí a mheas ag gach staid do shraith amháin nó do roinnt sraitheanna nó is féidir go ndéanfaidh iarrthóirí measúnuithe breise do shraith ar leith. Déanfar cur síos ar an bpróiseas earcaíochta atá i gceist i Leabhrán Eolais an Chomórtais.
- Grúpaí:Is grúpa d’iarrthóirí ar éirigh leo atá i gceist, a théann ar aghaidh go dtí an chéad staid eile. Cuirfear i ngrúpa thú, bunaithe ar d’áit san ord fiúntais. Bíonn líon éagsúil daoine i ngrúpaí agus braitheann líon na ndaoine i ngrúpa ar na folúntais atá ar fáil nó atá tuartha ag am áirithe, mar bainimid úsáid as cur chuige atá á threorú ag éileamh.
- Ord Fiúntais: Is í d’áit san ord fiúntais d’áit laistigh den ghrúpa iarrthóirí ar éirigh leo ag staid áirithe. Mar shampla, má bhain tú na marcanna is airde amach i dtrialacha inniúlachta ag Staid 1, bheifeá sa chéad áit san ord fiúntais do Staid 1. Tugtar na háiteanna is airde ar an bpainéal do na daoine a fhaigheann na marcanna is airde agus téann siadsan ar aghaidh tríd an gcomórtas ar dtús.
- Cur chuige atá á threorú ag éileamh: Úsáidtear cur chuige i leith na hearcaíochta atá á threorú ag éileamh chun an líon iarrthóirí a fhaigheann cuireadh chuig staideanna eile agus na hamlínte idir gach staid a shocrú. Braithfidh an líon daoine i ngrúpa agus an amlíne idir gach measúnú ar na folúntais atá ar fáil nó atá tuartha.
- Bord: Is éard atá i gceist le bord ná painéal de mheasúnóirí do staid den phróiseas earcaíochta.
- Measúnóirí:Is daoine iad measúnóirí a bhíonn ar bhord measúnaithe ag gach staid den phróiseas earcaíochta. Bíonn agallóirí i gceist, mar aon leo siúd a dhéanann cleachtaí scríofa nó cuir i láthair a mheas.
- Painéal: Is éard atá i gceist le painéal ná grúpa nó roinnt grúpaí d’iarrthóirí ar éirigh leo ag an staid dheiridh de phróiseas roghnaithe. Nuair a bhainfear d’áit san ord fiúntais amach, de bharr go bhfuil folúntais ar fáil, cuirfear tús leis an bpróiseas imréitigh. Bí ar an eolas nach bhfuil aon chinnteacht ann go gceapfar thú má chuirtear ar phainéal thú.
- Imréiteach: Seiceálacha cáilitheachta agus cúlra deiridh a dhéantar sula gceaptar iarrthóir. Ag brath ar an oifig atá i gceist agus ar an gcineál oibre a bheidh i gceist, bíonn leibhéil éagsúla imréitigh i gceist. Féach ar na sonraí uilig sa rannán thíos maidir leis an imréiteach.
- Ceapachán: Nuair a chomhlíontar gach riachtanas imréitigh, seolfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí fógra ceapacháin chugat agus sonraí faoi theagmhálaí AD d’fhostóra nua. Socróidh d’fhostóir nua gach gné den ionduchtú, níl baint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí leis seo.
Staid 1: Iarratas
WAgus iarratas á chur isteach agat ar publicjobs.ie, líonfaidh tú foirm iarratais trí do chuntas publicjobs.ie de ghnáth. Deartar an fhoirm iarratais chun cabhrú leat béim a leagan ar na scileanna agus ar an taithí atá agat atá ag teacht leis an gcur síos ar an bpost. Ní mór d’iarrthóirí an t-iarratas a chomhlíonadh, ag léiriú go gcomhlíonann said na critéir cháilitheachta, sula gcuirtear faoi mheas iad don chéad staid eile den phróiseas roghnaithe. Déantar cur síos thíos ar na céimeanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist ag staid an iarrtais:
- Foirm Iarratais: Is féidir go mbeidh ort Gnáthfhoirm Iarratais agus Foirm Iarratais Mhionsonraithe a chomhlíonadh, agus tabharfar eolas faoi sin i Leabhrán Eolais an Chomórtais. Is faoin iarrthóir atá sé a chinntiú go gcomhlíonann siad na critéir cháilitheachta sula gcuireann siad iarratas isteach, mar go ndéanfar na gnéithe seo a mheas le linn an phróisis roghnaithe. Is féidir leat teacht ar níos mó eolais trí chliceáil ar an nasc chuig an leathanach dár gcuid ar a bhfuil Comhairle faoi Iarratais. Bí ar an eolas go mb’fhéidir go n-iarrfar ort CV a chur isteach do róil shinsearacha ar leith.
- Scrúdú Cáilitheachta: YIs féidir go ndéanfar scrúdú ar d’iarratas ar dtús chun a chinntiú go gcomhlíontar na critéir cháilitheachta agus na critéir riachtanacha a ndéantar cur síos orthu i Leabhrán Eolais an Chomórtais. Do chomórtais áirithe, is féidir go ndeimhneofar critéir riachtanacha sula gcuirfear tús leis an gcéad staid eile den chomórtas nó sula ndéantar ceapachán i bpost. Bí ar an eolas gur chóir d’iarrthóirí a chinntiú go gcomhlíonann siad na critéir don ról sula gcuireann siad a n-iarratas isteach.
- Gearrliostú: Déanfaidh measúnóirí, ar saineolaithe iad, scrúdú ar na foirmeacha iarratais, ag baint úsáid as critéir ghearrliostaithe a socraíodh, bunaithe ar riachtanais an phoist, agus a leagtar amach i Leabhrán Eolais an Chomórtais, chun na hiarrthóirí sin a n-éireodh leo sa ról, dar leo, a aimsiú. Is féidir go n-áireofar sna critéir do ghearrliostú na critéir atá riachtanach chomh maith leis na critéir atá inmhianaithe don phost. Is ar mhaithe leat féin, dá réir, go dtarbharfaí mionchuntas cruinn ar do cháilíochtaí agus ar do thaithí i d’fhoirm iarratais.
Staid 2: Trialacha
Úsáidtear trialacha ar líne go minic sa phróiseas earcaíochta do chuid mhaith de na poist a fhógraítear ar publicjobs.ie. Bíonn trialacha a dhéantar gan maoirseacht (trialacha ar líne) agus trialacha faoi mhaoirseacht (trialacha ar líne a ndéantar maoirseacht orthu trí fheitheoireacht ar líne) i gceist. Socrófar d’áit san Ord Fiúntais, nó do rangú, i gcomparáid le gach iarrthóir eile, bunaithe ar an marc a bhaineann tú amach ag an staid trialach. Is féidir iarrthóirí a chur faoi thriail do réimsí éagsúla scileanna, ag brath ar an bpost atá i gceist ach seo thíos na measúnuithe is coitianta a mbaintear úsáid astu:
- Ceistneoir Measúnaithe: Úsáidtear an measúnú ilrogha seo chun eolas a bhailiú faoi do scileanna, d’ábhair spéise, do roghanna, agus do fhreagraí maidir le cásanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist sa ról. Sa mheasúnú seo, tabharfar sraith ráiteas duit agus iarrfar ort an chaoi a mbaineann gach ráiteas leat a chur in iúl. Ina theannta sin, beidh sraith ráiteas ann faoi na rudaí a mbeifeá ag súil leo sa ról, mar aon le liosta tascanna agus scileanna a bhaineann leis an ról, agus beidh ort tú féin a rátáil maidir leis na tascanna agus na scileanna sin. Is minic a bhaintear úsáid as measúnuithe de chineál seo d’fheachtais ina mbíonn líon mór iarratas, m.sh.feachtais d’Oifigigh Chléireachas, d’Oifigigh Feidhmiúcháin agus do Ghardaí faoi Oiliúint.
- Measúnú Réasúnaíochta Briathartha: TÚsáidtear an Measúnú Réasúnaíochta Briathartha chun measúnú a dhéanamh ar do chumas eolas ó shleachta scríofa nó ó théacsanna a thuiscint, a mheas agus anailís a dhéanamh air. Sa mheasúnú seo, tabharfar ráitis duit agus beidh ort úsáid a bhaint as eolas a chuirtear ar fáil chun iad a mheas agus iarrfar ort an freagra ceart a roghnú ó roghanna éagsúla.
- Measúnú Réasúnaíochta Uimhriúla: Úsáidtear an Measúnú Réasúnaíochta Uimhriúla chun measúnú a dhéanamh ar do chumas sonraí ábhartha a aimsiú agus tátail loighciúla a bhaint as eolas uimhriúil. Bainfear úsáid as ceisteanna ilrogha.
- Measúnú bunaithe ar Smaointeoireacht Dhéaduchtach Loighciúil: Úsáidtear an triail seo chun do chumas i dtaca le Smaointeoireacht Dhéaduchtach Loighciúil a mheas, .i. do chumas féachaint ar ghrúpa cruthanna agus patrúin agus idirghaolta coitianta a aimsiú chun tátail loighciúla a bhaint astu. Tá baint ag an triail seo le scileanna réitigh fadhbanna, atá tábhachtach do róil sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.
- Triail Phostaithrise/Breithiúnais Ócáide: Úsáidtear Triail Phostaithrise/Breithiúnais Ócáide do réasúnaíocht agus do bhreithiúnas a mheas nuair a chuirtear cásanna a bhaineann leis an obair os do chomhair. Uaireanta, tugtar sleachta téacs duit agus, ansin, sraith beart, agus iarrfar ort na bearta a rátáil. De rogha air sin, is féidir go mbainfear úsáid as leagan amach a bhaineann le teachtaireachtaí meandracha ina n-iarrfar ort gach teachtaireacht a fhreagairt trí rogha amháin, as trí cinn, a roghnú.
Staid 3: Measúnú Scileanna
Úsáidtear measúnuithe scileanna chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-éiríonn le hiarrthóirí nuair a chuirtear tasc oibre os a gcomhair, m.sh. cur i láthair a dhéanamh, páirt a ghlacadh i gcleachtadh grúpa, cleachtadh meán, sampla oibre a chur ar fáil, tabhairt faoi Mheasunú Eolais Speisialtachta nó páirt a ghlacadh i gcleachtadh E-tray. Is féidir go gcuirfear na measúnuithe seo ar siúl mar staid ar leith nó is féidir go ndéanfar iad le hagallaimh mar staid dheiridh an phróisis.
- E-tray / Postaithris: TIs cleachtadh postaithrise ar ríomhaire é an E-Tray. Cuireann an E-tray cás réadúil oifige os chomhair an iarrthóra ina gcaithfidh siad cáipéisí a léamh, tascanna a dhéanamh agus ríomhphoist a fhreagairt.
- Measúnú Grúpa agus Rólimirt: I measúnú grúpa, déanann an t-iarrthóir obair le hiarrthóirí eile chun cás airithe a bhaineann leis an obair a mheas, agus déantar ar líne nó aghaidh ar aghaidh iad agus uaireanta bíonn orthu cur i láthair a dhéanamh nó tuairisc a chur ar fáil. Maidir le rólimrt, tabharfar treoracha áirithe don iarrthóir agus iarrfar orthu dul i dteagmháil le duine amháin, nó níos mó daoine, de réir mar a dhéanann measúnóirí an teagmháil seo a mheas.
- Cleachtadh Meán: Is féidir cleachtadh meán a úsáid mar chuid den staid mheasúnaithe más cuí. De ghnáth, baineann sé seo le róil shinsearacha nó le róil ina mbeidh teagmháil leis na meáin riachtanach.
- Cur i Láthair: Is minic a iarrtar ar Iarrthóirí ar róil Ghairmiúla, Theicniúla agus Bhainistíochta cur i láthair a dhéanamh mar chuid de staid an agallaimh sa phróiseas roghnaithe. Tabharfar ceist nó topaic d’iarrthóirí agus beidh orthu taighde a dhéanamh uirthu agus cur i láthair a chur le chéile bunaithe uirthi agus, ansin, an cur i láthair a dhéanamh do ghrúpa measúnóirí nó mar chuid den agallamh.
- Sampla Oibre: Maidir le roinnt ról Gairmiúil, Teicniúil agus Bainistíochta, is féidir go n-iarrfar ar iarrthóirí samplaí dá n-obair a chur ar fáil m.sh. is féidir go gcuirfear portfóilió nó tasc ar fáil agus go n-iarrfar ar an iarrthóir é a chomhlíonadh agus a chur isteach laistigh de thréimhse ar leith.
- Ceistneoir Pearsantachta: Is féidir go ndéanfar ceistneoir pearsantachta roimh agallamh, do róil shinsearacha de ghnáth.
Staid 4: Agallamh
Is cur chuige struchtúrtha atá i gceist le hagallamh atá dírithe ar inniúlachtaí agus tabharfar eolas d’iarrthóirí roimh ré faoi na hinniúlachtaí a ndéanfar iad a mheas. Is príomhscileanna iad na hinniúlachtaí a aithníodh mar scileanna riachtanacha chun freastal go héifeachtach sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. Samplaí de na hinniúlachtaí: ‘Fadhbanna a Réiteach’, ‘Obair Foirne’, ‘Cinntí a Dhéanamh’, agus ‘Ceannaireacht Foirne’, i measc inniúlachtaí eile.
Ag brath ar an gcineál róil ar chuir tú isteach air, is féidir go mbeidh ort aon cheann de na cineálacha agallaimh seo a leanas a dhéanamh. Is féidir go gcuirfear cuireadh chuig agallamh do ghrúpaí breise, de réir mar a thagann an t-éileamh chun cinn.
- Réamhagallamh: Is féidir go dtabharfar cuireadh d’iarrthóirí chuig réamhagallamh, ina ndéantar scrúdú ar a scileanna, ar a dtaithí agus ar a n-inniúlachtaí, ag baint úsáud as critéir a aithníodh mar critéir riachtanacha chun feidhmiú go héifeachtach sa ról cuí. Iarrfar ar iarrthóirí samplaí a thabhairt de chásanna inar léirigh siad gach ceann de na hinniúlachtaí go héifeachtach. Tabharfar marcanna d’iarrthóirí bunaithe ar Chreat Inniúlachta agus tugtar áit dóibh siúd a bhaineann an caighdeán cuí amach san ord fiúntais chun fáil amach an rachaidh iarrthóirí ar aghaidh chuig staid an agallaimh dheiridh agus/nó an roghnaítear iad do cheapachán i bpost. Is féidir go mbeidh Físagallamh Uathoibrithe, Físagallamh Beo nó Agallamh aghaidh ar aghaidh i gceist. Cliceáil ar an nasc chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Iarratais chun tuilleadh eolais a fháil.
- Agallamh Deiridh: Le linn an agallaimh dheiridh, déanfar iarrthóirí a mheas bunaithe ar a scileanna, a dtaithí agus a n-inniúlachtaí maidir leis na critéir a ndéantar cur síos orthu i Leabhrán Eolais an Chomórtais. Déantar gach iarrthóir a mheas maidir leis na hinniúlachtaí céanna chun a chinntiú go bhfuil cothromaíocht chun tosaigh sa phróiseas roghnaithe. Maidir le róil shinsearacha agus ghairmiúla, déanfar iarrthóirí a mheas maidir lena gcumas dul i ngleic le príomhdhúshláin straitéiseacha a bhaineann le ról áirithe. Is féidir go mbeidh Físagallamh Beo nó Agallamh Aghaidh ar Aghaidh i gceist agus cuirfidh painéal saineolaithe réimse ceisteanna ar iarrthóirí a chabhróidh leo a scileanna agus a dtaithí a léiriú agus a chabhróidh leis an bpainéal cinneadh a dhéanamh faoi d’oiriúnacht don ról. Cliceáil ar an nasc chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Iarratais chun tuilleadh eolais a fháil.
Staid 5: Seiceálacha réamhfhostaíochta agus Imréitigh
Má chuirtear faoi mheas thú do ról, is féidir go rachaidh tú ar aghaidh chuig an staid imréitigh agus déanfar seiceálacha deiridh cáilitheachta agus réamhfhostaíochta. Maidir le róil áirithe, beidh seiceálacha slándála sa bhreis ag teastáil.
Imréiteach: Ní mór d’iarrthóirí gach cáipéis riachtanach a chur ar fáil do publicjobs.ie, lena n-áirítear foirmeacha a eisíodh, laistigh den tréimhse a shonraítear. Ba chóir féachaint ar Leabhrán Eolais an Chomórtais chun eolas a fháil faoi chomórtas ar leith. Is féidir go mbeidh an t-eolas agus na cáipéisí seo a leanas san áireamh:
- Cruthúntas ar Sheoladh Baile
- Pas/Teastas Breithe
- Cáilíochtaí Acadúla a bhaineann leis an bpost
- Nochtadh ó na póilíní faoi áit ar bith ina raibh cónaí ar an iarrthóir ar feadh sé mhí nó níos mó taobh amuigh d’Oileán na hÉireann ó bhí siad 16 bliana d’aois nó níos sine
- Ainm agus sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin) d’fhostóra reatha (ní dhéanfaimid teagmháil le d’fhostóir reatha gan do chead agus ní go gcríochnófar gach fiosrú eile)
- Ainm agus sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin) an(na) fhostóra(bhfostóirí) a bhí agat roimhe seo
- Cuireadh chun páirt a ghlacadh i gcóras ríomhghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána - foirm shínithe
- Is féidir go mbeidh ar an iarrthóir measúnú a léiríonn go bhfuil siad in ann tabhairt faoin obair, ó thaobh na sláinte de, a dhéanamh le hOifig an Phríomhoifigigh Leighis
- Seans go mbeidh triail éisteachta/súl ag teastáil
- Seans go mbeidh ceadúnas tiomána glán ag teastáil
- Seans go n-iarrfar ort tréimhsí dífhostaíochta a dheimhniú
Tuilleadh Eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár bPróiseas Earcaíochta, téigh go dtían leathanach ar a bhfuil Ceisteanna Coitianta agus chun teacht ar nodanna agus eolas praiticiúil faoin gcaoi ar féidir leat ullmhúchán a dhéanamh do na staideanna éagsúla den phróiseas earcaíochta, téigh go dtí ar na rannáin faoi Iarratais, Thrialacha agus Agallaimh.
Téigh go dtí an leathanach Dean Teagmhail Linn más mian leat dul i dteagmháil linn.