Bainimid úsáid as staideanna trialach agus measúnaithe inár bpróiseas earcaíochta do roinnt mhaith ról a fhógraítear ar Publicjobs.ie, chun measúnú a dhéanamh ar líon mór iarratas agus chun deis chothrom a thabhairt do gach iarrthóir.
Bíonn trialacha ar líne a dhéantar gan maoirseacht agus trialacha ar líne a ndéantar maoirseacht orthu trí theicneolaíocht don ‘fheitheoireacht ar líne’ i gceist. Úsáidfear an marc a fhaigheann tú ag na staideanna trialach agus measúnaithe chun d’áit, nó do rangú, san Ord Fiúntais a shocrú, i gcomparáid le gach iarrthóir eile, agus beidh tionchar aige sin ar an gcaoi a rachaidh tú ar aghaidh (má théann) chuig staideanna eile den phróiseas roghnaithe. Tá na sonraí uile faoi na cineálacha trialacha agus measúnaithe a d’fhéadfadh a bheith le déanamh ag iarrthóirí ar an leathanach Ár bPróiseas Earcaíochta page.
Tabhair faoi deara go bhfuil na staideanna trialach agus measúnaithe dár bpróisis earcaíochta ar siúl ó chian, trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha éagsúla.
Roimh an Triail
Molaimid do gach iarrthóir a bheith ullmhaithe don staid trialach den phróiseas earcaíochta chun gur féidir leo a ndícheall a dhéanamh ar lá na trialach. Tá roinnt nodanna úsáideacha thíos chun cabhrú leat ullmhúchán a dhéanamh:
- Léigh an Leabhrán Eolais don ról go cúramach.
- Léigh aon ábhar taithíochta a sheoltar chugat chun tuiscint a fháil ar leagan amach na trialach a bheidh á déanamh agat.
- Cinntigh go bhfuil do cheangal leathanbhanda ag obair i gceart roimh na trialacha agus roghnaigh áit chiúin, nach gcuirfear isteach ort inti, inar féidir leat na trialacha a dhéanamh.
- Bí cinnte go bhfuil na cáipéisí riachtanacha uilig agat (m.sh. comhartha aitheantais bailí) mar is féidir go n-iarrfar ort, i gcásanna áirithe, do chomhartha aitheantais a thaispeáint ag tús na trialach.
- Bí cinnte go bhfuil gach ábhar riachtanach agat roimh an triail (m.sh. peann, páipéar, áireamhán srl.). Beidh eolas faoi na nithe a bheidh ag teastáil uait chun na trialacha a chomhlíonadh ar fáil san ábhar taithíochta. .
Le Linn na Trialach
- Múch d’fhón póca sula dtosaíonn tú an triail nó fág i seomra eile é. .
- Bí cinnte nach bhfuil éinne eile sa seomra leat agus go bhfágtar nótaí lasmuigh den seomra.
- Bí ar an eolas faoi fhad an tseisiúin trialach agus bí cinnte go dtugann tú dóthain ama duit féin do gach ceist.
- Léigh na treoracha go cúramach, sonraigh líon na gceisteanna i ngach triail agus an méid ama atá agat chun iad a dhéanamh.
- Coinnigh súil ar an am agus bí cinnte nach gcuirtear isteach ort le linn an tseisiúin.
Socruithe Réasúnta agus Tacaíocht sa Bhreis
Tabhair faoi deara gur chóir duit a chur in iúl go bhfuil socruithe réasúnta agus/nó tacaíocht sa bhreis ag teastáil uait a luaithe is féidir chun cabhrú linn a chinntiú gur féidir freastal ar do riachtanais. Is féidir go mbeidh tuairisc ó dhochtúir/shíceolaí ag teastáil. Déanfaidh síceolaí saothair measúnú ar an tuairisc agus tabharfar an chabhair chuí duit ansin. Féach ar an rannán cuí i Leabhrán Eolais an Chomórtais agus ar an leathanach ar a bhfuil eolas faoin Inrochtaineacht chun tuilleadh eolais a fháil.
Féinmheasúnú
Tá ár gCóras Féinmheasúnaithe ar fáil thíos chomh maith, a thugann an deis duit na trialacha cléireachais/bunleibhéil agus na trialacha bainistíochta sóisearaí/trialacha do chéimithe a dhéanamh agus teorainn ama i gceist.
TIs féidir leat na trialacha a dhéanamh in ord ar bith, aiseoalas a fháil ar d’fheidhmíocht agus féachaint ar na freagraí cearta. Chomh maith leis sin, tá ábhar taithíochta do gach feachtas a dhéanaimid le ceisteanna samplacha eile sna leabhráin eolais atá sa rannán ina bhfuil an t-eolas is déanaí faoi fheachtais.
Déan na trialacha féinmheasúnaithe chun tú féin a ullmhú do na trialacha ar líne: