
Reáchtáiltear an chuid is mó d’Fheachtais Earcaíochta na SCP faoi Chóid Chleachtais an CCSP. Leagann na cóid chleachtais treoirlínte agus caighdeáin amach dóibh siúd ar fad a dhéanann earcaíocht inmheánach agus sheachtrach sa tseirbhís phoiblí.
Má theastaíonn aiseolas uait faoi chinneadh a rinneadh maidir le d’iarratas, ba chóir duit an t-aiseolas seo a fháil ón aonad earcaíochta atá i gceist.
Sa chás nach bhfuil iarrthóir sásta le gníomh nó le cinneadh a rinne an ceapaí, is féidir leo athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg faoi Alt 7 de Chód Cleachtais an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Sa chás go gceapann iarrthóir gur sáraíodh an Cód Cleachtais, is féidir leo gearán a dhéanamh faoi Alt 8 den Chód. Déanfaimid iarracht gearáin a réiteach trí phróiseas neamhfhoirmiúil sula ndéanfaimid athbhreithniú foirmiúil.
Tabharfar eolas ar leith faoi na próisis athbhreithnithe agus achomhairc chuí i Leabhrán Eolais an Iarrthóra a thugtar amach ag tús gach comórtais earcaíochta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar CPSA.
Próiseas Athbhreithnithe (do chomórtas a fhógraítear ón 12 Samhain 2021 ar aghaidh)
Athbhreithnithe Neamghoirmiúla:
Ba chóir d’iarrthóirí ríomhphost a sheoladh chuig an aonad earcaíochta cuí faoi athbhreithniú neamhfhoirmiúil. Tá sonraí teagmhála don Aonad Earcaíochta ar fáil ar chlúdach tosaigh Leabhrán Eolais an Iarrthóra. Ní mór iarratas ar athbhreithniú a chur isteach, laistigh de 5 lá oibre ó fógraíodh an cinneadh. Sa chás go mbaineann an cinneadh le staid eatramhach den phróiseas roghnaithe, ní mór an t-iarratas ar athbhreithniú neamhfhoirmiúil a fháil laistigh de 2 lá oibre ón dáta a bhfuarthas an cinneadh. Sa chás go bhfuil an t-iarrthóir míshásta fós tar éis díospóireacht neamhfhoirmiúil a bheith acu, is féidir leo tabhairt faoin bpróiseas thíos. Más mian leis an iarrthóir go bpléifí leis an gceist trí athbhreithniú foirmiúil, ní mór dóibh é sin a chur in iúl laistigh de 2 lá oibre ón dáta ar fógraíodh an t-athbhreithniú neamhfhoirmiúil.
Athbhreithnithe Foirmiúla:
Ba chóir d’iarrthóir a bhfuil athbhreithniú foirmiúil á lorg acu dul i dteagmháil leis an bPOF ag
Próiseas Gearáin
Is féidir go gceapann iarrthóir gur sháraigh an tSCP Cód Cleachtais an Choimisiúin ar bhealach a d’fhéadfadh cur as d’ionracas an chinnidh a rinneadh sa phróiseas ceapacháin. Tríd an bpróiseas gearáin is féidir le hiarrthóir (nó duine a d’fhéadfadh a bheith ina iarrthóir) gearán a dhéanamh faoi Alt 8 chuig POF na SCP ar dtús agus chuig an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ina dhiaidh sin ar achomharc sa chás go bhfuil siad míshásta fós. Alt 8 chuig POF na SCP ar dtús agus chuig an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ina dhiaidh sin ar achomharc sa chás go bhfuil siad míshásta fós.
Ba chóir líomhaintí faoi shárú na gCód Cleachtais a chur i scríbhinn agus gan mhoill (féach ar an fho-nóta), chuig an bPríomhfheidhmeannach ar dtús. Ní mór don ghearánaí na fíricí a léiríonn, dar leo, go raibh an próiseas mícheart a chur i láthair. Ní mór don ghearánaí an ghné den Chód a cheapann siad a sáraíodh a shainaithint agus aon doiciméad ábhartha a chabhródh lena líomhain a chur leis. Is féidir go gcaithfear amach gearán ar bith murar féidir leis an ngearánaí tacaíocht a thabhairt dá líomhaintí tríd an gcaoi nár chomhlíon an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí prionsabail an Chóid seo a léiriú.
Dualgais na nIarrthóirí
Ní foláir d'iarrthóirí a thuiscint go ndícháileofar iad de bharr canbhasála agus go gcuirfear as an bpróiseas iad dá bharr.
Níl cead ag iarrthóirí:
- eolas bréagach a thabhairt go feasach nó go meargánta;
- sa chás gur ceapadh iad de thoradh an phróisis earcaíochta atá i gceist, forghéillfidh siad an ceapachán sin;
- cur isteach ar an bpróiseas ar aon bhealach nó cur as dó.
Níl cead ag tríú páirtí iarrthóir a phearsanú ag aon staid den phróiseas.
Má bhriseann tú nó tríú páirtí na coinníollacha seo tá tú ciontach i gcion. Is féidir fíneáil agus/nó príosúnacht, a chur ar dhuine atá ciontach i gcion.
Ina theannta sin, i gcás gur iarrthóir a bhí nó atá sa duine a fuarthas ciontach i gcion:
- sa chás nach bhfuil siad ceaptha i bpost, dícháileofar iad mar iarrthóir;
- sa chás gur ceapadh iad de thoradh an phróisis earcaíochta atá i gceist, forghéillfidh siad an ceapachán sin.
Iarratas a tharraingt siar
Glacfar leis go bhfuil a n-iarrthóireacht tarraingthe siar ag iarrthóirí nach bhfreastalaíonn ar agallamh agus ar thrialacha eile ag an am cuí san áit chuí nó nach soláthraíonn, má iarrtar a leithéid orthu, cibé fianaise atá de dhíth ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann lena n-iarrthóireacht.
Tá na Cóid Cleachtais 2017 ar fáil thíos
Cód Cleachtais: Ceapacháin Éigeandála Gearrthéarma Chun Post I bhFeidhmeannacht Na Seirbhíse Sláinte
Cód Cleachtais: Ceapachán Chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí
Fo-nóta: Oiread agus trí mhí ó comhlíonadh staid an chomórtais ina gcuirtear i leith gur sáraíodh na coinníollacha. I gcás go gcuirtear sárú i leith mar thoradh ar eolas sa bhreis a fhaightear e.g. SE, de ghnáth pléifidh an tSCP le gearán ar bith a fhaightear taobh istigh de mhí amháin ón am a gcuirtear na doiciméid/an t-eolas i gceist chuig an iarrthóir.
Próiseas Athbhreithnithe (do chomórtas a fhógraítear ón 12 Samhain 2021 ar aghaidh)
Athbhreithniú Neamhfhoirmiúil
Ba chóir d’iarrthóirí ríomhphost a sheoladh chuig an aonad earcaíochta cuí faoi athbhreithniú neamhfhoirmiúil. Tá sonraí teagmhála don Aonad Earcaíochta ar fáil ar chlúdach tosaigh Leabhrán Eolais an Iarrthóra. Ní mór iarratas ar athbhreithniú a chur isteach, laistigh de 5 lá oibre ó fógraíodh an chinnidh. Sa chás go bhfuil an t-iarrthóir míshásta fós tar éis díospóireacht neamhfhoirmiúil a bheith acu, is féidir leo tabhairt faoi na nósanna imeachta thíos. Más mian leis an iarrthóir go bpléifí leis an gceist trí athbhreithniú foirmiúil, ní mór don iarrthóir é sin a dhéanamh laistigh de chúig lá oibre ón dáta a bhfuarthas fógra an chinnidh tosaigh nó fógra thoradh an ghearáin neamhfhoirmiúil.
Athbhreithniú Foirmiúil
Ba chóir d’iarrthóir a bhfuil athbhreithniú foirmiúil á lorg acu faoi Alt 7 den Chód dul i dteagmháil le hoifig an POF ag
Próiseas Gearáin
Is féidir go gceapfadh iarrthóir gur sháraigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí Cód Cleachtais an Choimisiúin ar bhealach a bhféadfadh cur as d’ionracas an chinnidh a rinneadh sa phróiseas ceapacháin. Tríd an bpróiseas gearáin is féidir le hiarrthóir (nó duine a d’fhéadfadh a bheith ina iarrthóir) gearán a dhéanamh faoi Alt 8 chuig POF na SCP ar dtús agus chuig an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ina dhiaidh sin ar achomharc sa chás go bhfuil siad míshásta fós.
Ba chóir líomhaintí maidirle sárú ar an gCód Cleachtais a chur ar aghaidh i scríbhinn chuig an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar dtús laistigh de chúig lá ó fhaighenn an t-iarrthóir fógra faoin gcinneadh tosaigh nó faoin gcinneadh maidi lena ngearán neamhfhoirmiúil. Ní mór don ghearánaí na fíricí a léiríonn, dar leo, go raibh an próiseas mícheart a chur i láthair. Ní mór don ghearánaí an ghné den Chód a sáraíodh, dar leo, a shainaithint agus aon doiciméad ábhartha a chabhródh lena líomhain a chur leis. Is féidir go gcaithfear amach gearán ar bith murar féidir leis an ngearánaí tacaíocht a thabhairt dá líomhaintí tríd an gcaoi nár chomhlíon an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí prionsabail an Chóid seo a léiriú.
Má tá iarrthóir míshásta fós i ndiaidh dóibh toradh an phróisis athbhreitnithe fhoirmiúil a fháil, is féidir leo achomharc a dhéanamh go díreach chuig an gCCSP. Ní mór dóibh scríobh go díreach chuig an gCCSP taobh istigh de 10 lá oibre ón dáta a bhfaigheann siad toradh an ghearáin.
I gcás gur tharla athbhreithniú foirmiúil ar phróiseas earcaíochta agus roghnaithe faoi Alt 7 den Chód Cleachtais, ní féidir le hiarrthóir athbhreithniú eile a lorg faoi Alt 8, seachas i gcásanna fíoreisceachtúla ar fad a shocróidh an CCSP ar a thoil.
Dualgais na nIarrthóirí
Ní foláir d’iarrthóirí a thuiscint go ndícháileofar iad de bharr canbhasála agus go gcuirfear as an bpróiseas iad dá bharr.
Níl cead ag iarrthóirí:
- eolas bréagach a thabhairt go feasach nó go meargánta
- duine ar bith a chanbhasáil, le haslú nó gan aslú
- cur isteach ar an bpróiseas ar aon bhealach nó cur as dó
Níl cead ag tríú páirtí iarrthóir a phearsanú ag aon staid den phróiseas.
Má bhriseann tú nó tríú páirtí na coinníollacha seo tá tú ciontach i gcion. Is féidir fíneáil agus/nó príosúnacht, a chur ar dhuine atá ciontach i gcion.
Ina theannta sin, i gcás gur iarrthóir a bhí nó atá sa duine a fuarthas ciontach i gcion:
- sa chás nár ceapadh i bpost iad, dícháileofar iad mar iarrthóir.
- sa chás gur ceapadh iad de thoradh an phróisis earcaíochta atá i gceist, forghéillfidh siad an ceapachán sin.
Iarratas a Tharraingt Siar
Glacfar leis go bhfuil a n-iarrthóireacht tarraingthe siar ag iarrthóirí nach bhfreastalaíonn ar agallamh agus ar thrialacha eile ag an am cuí san áit chuí nó nach soláthraíonn, má iarrtar a leithéid orthu, cibé fianaise atá de dhíth ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann lena n-iarrthóireacht.
Tá Cóid Chleachtais an CCSP 2021 ar fáil thíos:
Cód Cleachtais do Cheapacháin i bPoist sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí