
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an eagraíocht lárnach a chuireann seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe ar fáil don Státseirbhís agus don tSeirbhís Phoiblí. Táimid tiomanta do sheirbhís earcaíochta den chéad scoth a chur ar fáil dár gcliaint, lena n-áirítear Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais agus Údaráis Áitiúla, le hiarrthóirí oiriúnacha a earcú. Ina theannta sin, cuirimid geata éifeachtach ar fáil le daoine oiriúnacha a aimsiú do cheapacháin a dhéanann Airí ar Bhoird Stáit
róil sa tseirbhís phoiblí, agus tá dea-cháil orainn mar gheall go gcuirimid roghnú neamhspleách atá bunaithe ar fhiúntas ar fáil. Tá sé de phribhléid againn tacú le Rialtas na hÉireann agus lenár gcliaint le seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil, trí lucht saothair cumasach agus tiomanta ina bhfuil éagsúlacht le brath, agus ar léiriú é ar éagsúlacht na sochaí ar a bhfreastalaíonn sé, a chur ar fáil.
“Táimid tiomanta dona chinntiú go léiríonn ár seirbhís phoiblí éagsúlacht na sochaí ar a bhfreastalaíonn sí”
Treoraíonn NUA, Ráiteas Straitéise na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, a chlúdaíonn an tréimhse 2020-2023, ár n-obair. Cuireann Straitéis NUA plean uaillmhianach agus creat tacaíochta ar fáil leis na spriocanna a leagamar amach dúinn féin a bhaint amach, a chinnteoidh, i ndeireadh na dála, go gcuirimid tallann den chéad scoth ar fáil do sheirbhís phoiblí na hÉireann ar bhonn leanúnach. Cuirtear béim sa straitéis ar ár dtiomantas maidir le tacú lenár mbaill foirne, lenár gcliaint agus lenár n-iarrthóirí sa tréimhse neamhghnách seo, tríd an gcianobair a éascú agus trínár seirbhísí earcaíochta a chur ar fáil trí mheáin dhigiteacha.
Tá trí thosaíocht straitéise, a threoróidh ár ngníomhaíochtaí i dtreo 2023 agus a chabhróidh linn ár spriocanna eagraíochta a bhaint amach, mar bhonn faoi Straitéis NUA 2020-2023:
1. Táimid tiomanta do sheirbhísí earcaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil trínár múnla soláthair seirbhíse a fheabhsú agus trí chur chuige a úsáid ina ndírítear ar an gcustaiméir. Leis seo a dhéanamh, freastalóimid ar agus rachaimid i dteagmháil le lucht spéise nua agus a bhfuil éagsúlacht ann, cuirfimid dlús le barrfheabhsú na dteicneolaíochtaí is déanaí agus modhanna nua cumarsáide, agus leanfaimid orainn ag cothú cultúir feabhais, bunaithe ar ár mbunluachanna.
2. Forbróimid ár n-áit ar leith sa tseirbhís phoiblí agus na tuiscintí a thugann sí dúinn, le feidhm chomhairleach atá bunaithe ar eolas agus ar fhianaise a chur ar fáil, a thacóidh le beartas poiblí a bhaineann leis an ionad oibre a fhorbairt.
3. Leanfaimid orainn ag forbairt ár ndaoine, ár n-eagraíochta, ár nósanna oibre agus ár gcultúir le feabhas a chur ar ár gcumas seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar.