Tá ról lárnach ag publicjobs.ie maidir le buíon daoine cumasacha a bhfuil éagsúlacht inti a earcú chun glacadh le deiseanna fostaíochta sa tseirbhís phoiblí. Mar earcaitheoirí agus mar fhostóirí, aithnímid agus tuigimid an tábhacht a bhaineann le lucht saothair a mhealladh atá freagrúil, sochaideartha, acmhainneach agus machnamhach maidir leis na pobail ar a bhfreastalaíonn sé agus maidir le fáilte a chur roimh lucht saothair den chineál seo.
“Déanaimid daoine éagsúla a earcú don tseirbhís phoiblí a bhfuil an cumas, an dea-cháil agus an tiomantas acu a bheith ag soláthar ar son na hÉireann”
Creidimid go spreagann seirbhís phoiblí bhisiúil, ionchuimsitheach, a fhaigheann fuinneamh ón gcaoi a gcuireann fostaithe ó gach earnáil den tsochaí léi, áiteanna oibre níos nuálacha, níos táirgiúla agus polasaithe, cláir agus seirbhísí níos feagrúla agus níos ionchuimsithí. Tá ár straitéis Chomhionannais, Éagsúlachta agus Chuimsithe, 2021-2023 mar bhonn faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár dtionscnaimh uilig.
Ár Misean: Daoine éagsúla a earcú a bhfuil an cumas, an dea-cháil agus an tiomantas acu a bheith ag soláthar ar son na hÉireann.
Ár bhFís: Aitheantas a fháil mar ionad bairr feabhais i réimse na hearcaíochta, as a bhfuil muinín ag na daoine ar a bhfreastalaímid.
Is iad seo a leanas na trí phríomhthosaíocht a aithnítear sa straitéis:
- Eolas agus tuiscint níos fearr ar an éagsúlacht sa mhargadh earcaíochta agus in earnáil phoiblí na hÉireann
- Próisis earcaíochta agus roghnaithe a spreagann agus a éascaíonn rochtain d’iarrthóirí ó chúlraí éagsúla.
- Tá ár gcultúr bunaithe ar dhea-chleachtas sa Chothromaíocht, Éagsúlacht agus Cuimsiú agus tacaímid lenár gcliaint chun áiteanna oibre ionchuimsitheacha a chothú
Inrochtaineacht
Más iarrthóir thú atá faoi mhíchumas agus má úsáideann tú an suíomh gréasáin seo agus má tá fadhb agat le rochtain a fháil ar an suíomh nó más mian leat aon ní a bhaineann leis an inrochtaineacht inár bhfoirgneamh nó le hinrochtaineacht ár seirbhísí a phlé, téigh i dteagmháil lenár dTacadóir Míchumais, Amanda ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. Tabhair faoi deara gur chóir fiosrúcháin nach bhfuil baint acu le míchumas a phlé tríd an Líne Chabhrach ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le hionrochtaineacht ár seirbhísí, téigh chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoin inrochtaineacht.
Cóiríocht Réasúnta
Tá sé mar aidhm againn cóiríocht réasúnta chuí a chur ar fáil duit sa phróiseas roghnaithe chun an deis is fearr a thabhairt duit feidhmiú chomh maith agus atá ar do chumas sa phróiseas iarratais, tástála agus agallaimh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcóiríocht réasúnta, féach ar an leathanach seo a leanas Ár bPróisis Earcaíochta.
Chun comhairle a fháil faoi staideanna iarratais, tástála agus agallaimh, téigh chuig an leathanach seo a leanas Próiseas Iarratais do Chóiríocht Réasúnta.
Cairt um Thacaíocht Dhearfach
Chun tacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí faoi mhíchumas, d’fhorbraíomar sraith prionsabal a léiríonn an chaoi a bpléimid le hiarrthóirí faoi mhícumas. I gcás iarrthóirí a dúirt linn go bhfuil siad faoi mhíchumas, cinnteoimid go gcuirfimid cóiríocht réasúnta in áit, de réir mar a leagtar amach sa Chairt um Thacaíocht Dhearfach.
Ár Straitéis Chomhionannais, Éagsúlachta agus Chuimsithe
Tugann ár straitéis CÉ&C treoir dár ngníomhaíochtaí, agus forbraíonn sí éachtaí agus dul chun cinn atá bainte amach agus déanta go dtí seo. Tagann ár straitéis CÉ&C le agus tá sí i bhfeidhm inár Straitéis Chorparáideach, NUA 2020-2023, rud atá tábhachtach.
Seoladh an straitéis go hoifigiúil le hóráid ón Aire Michael McGrath, a leag béim ar thábhacht an CÉ&C agus a thug aitheantas don ról a bhí againn maidir le daoine ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a earcú.
Le linn an tseimineáir ghréasáin seo, a mhair dhá uair an chloig, rinneadh scrúdú ar théama na hearcaíochta ionchuimsithí, agus léiríodh na tionscnaimh a d’fhéadfadh cabhrú linn bogadh i dtreo seirbhíse poiblí níos ionchuimsithí, agus cuireadh béim ar thaithí saoil agus ar phointí foghlama praiticiúla. Féach ar sheoladh oifigiúil na straitéise Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe, 2021-2023. Féach ar sheoladh oifigiúil na straitéise Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe, 2021-2023.
Féach ar sheoladh oifigiúil na straitéise Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe, 2021-2023 .
Comhairliúchán agus Anailís
Mhúnlaigh tuairimí éagsula an straitéis le linn staid an chomhairliúchain. Chuireamar fócasghrúpaí le chéile a bhí dírithe ar dhaoine sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí agus ó ghníomhaíochtaí neamhbhrabúis a bhfuil suim acu i nó ról ar leith acu a bhaineann leis an gcomhionannas, an éagsulacht agus gcuimsiú san earcaíocht agus san fhostaíocht Rinneadh anailís ar na sonraí a bailíodh, le tacaíocht ón Dr Chris McInerny ón Roinn Polaitíochta agus Riaracháin Phoiblí, Ollscoil Luimnigh.
Straitéis a Sholáthar
Chuireamar bord um thionscadail CÉ&C le chéile chun soláthar na straitéise CÉ&C a chur chun cinn. Is coimisinéir ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas í an cathaoirleach, Salome Mbugua, agus bhunaigh sí ENR d’imircigh bhaineanna. Má chuirimid saineolas seachtrach i réimse an CÉ&C ar fáil ar an mbord seo, cinnteofar go ndéanfar ár bpleananna a fhorbairt agus a cheistiú chun dea-chleachtas a chinntiú.
An Fhostaíocht Ionchuimsitheach
Clár Oibre Foghlama an Oireachtais (OWL)
Is clár feidhmeach foghlama, forbartha agus sóisialaithe do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta é Clár Oibre Foghlama an Oireachtais (OWL). Tacaíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais leis an gClár, i gcomhar le KARE agus WALK. Tá sé mar aidhm ag clár OWL na scileanna, an t-eolas agus an cumas cuí le teacht ar fhostaíocht fhiúntach ar íocaíocht a chur ar fáil do dhaoine faoi oiliúint. Cuireann sé deis ar leith ar fáil do rannpháirtithe taithí oibre phraiticiúil a fháil, mar aon le creidiúnú a chur ar fáil dá bhfoghlaim thar thréimhse 11 mhí. Tá céimithe fostaithe ar bhonn páirtaimseartha sa Státseirbhís agus i Seirbhís Thithe an Oireachtais.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gcuimsiú eagraíochta a fhorbairt agus maidir leis an gcaoi ar féidir a bheith páirteach sa Chlár tríd an Treoir maidir leis an bhFostaíocht Ionchuimsitheach a íoslódáil agus trí dhul chuig suíomh gréasáin Chlár Oibre Foghlama an Oireachtais (OWL).
Teistiméireachtaí:
“Bhuel, ar an gcéad dul síos, thug sé an mhuinín dom atá ag teastáil chun a bheith ag obair agus chun mo thuairimí a chur in iúl” – Andrew
“D’fhoghlaim mé conas mo mhuinín a fhorbairt, mar ní bhím rómhaith le daoine eile de ghnáth” – Daniel
“Is é seo an rud is fearr a rinne mé riamh. Is breá liom a bheith in ann a bheith ag obair i mBaile Átha Cliath agus mo phá a fháil.” – Craig
Conas is féidir liom iarratas a chur isteach le bheith i m’Oiliúnaí OWL?
Ar dtús, téigh i dteagmháil le WALK nó KARE, ag brath ar na seirbhísí atá ar fáil i d’áit chónaithe. Seolfaidh siadsan foirm iarratais agus tuilleadh eolais chugat.
Má tá cónaí ort i gceantar Bhaile Átha Cliath, téigh i dteagmháil le Vicki Hogan, comhordaitheoir na gclár seirbhíse lae in WALK ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Má tá cónaí ort i gceantar Chill Dara, téigh i dteagmháil le Peter Furlong, bainisteoir oibríochtaí in KARE, ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..
Clár Willing Able Mentoring (WAM)
Ar son na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí, oibríonn Aonad Comhionannais na Státseirbhíse i gcomhair leis an gCumann um Rochtain agus Míchumas Ardoideachais (AHEAD) le clár sé mhí a n-íoctar as a chruthú do chéimithe faoi mhíchumas. Tugann an clár deiseanna do chéimithe taithí oibre a fháil, a ngairm a fhorbairt, scileanna nua a fhoghlaim, oiliúint a dhéanamh agus tacaíocht a fháil le linn a dtréimhse ar shocrúchán ar íocaíocht.
Go dtí seo d’éirigh leis an gClár WAM socrúchán a eagrú do níos mó ná 350 céimí. Molaimid do chéimithe iarratas a dhéanamh ar róil linn tríd an gClár WAM. Le tuilleadh eolais a fháil, téigh go suíomh gréasáin AHEAD agus is féidir leat clárú don Chlár WAM ar an leathanach seo.
Teistiméireachtaí ó Rannpháirtithe
“Ná bíodh eagla ort roimh dhúshláin. Bí cinnte go bhfuil tú mar chuid den slua san ionad oibre agus tabhair comhairle d’fhostóirí faoi na rudaí atá ag teastáil uait.” – Kevin Stanley, an tÚdarás Clárúcháin Maoine in Éirinn
“Tá a fhios agam anois go bhfuil sé tábhachtach do scíth a ligean, rudaí a fhoghlaim agus sult a bhaint as a bheith ag obair agus as dea-chaidreamh a chothú le comhghleacaithe. Mholfainn do chéimithe eile smaoineamh ar obair a dhéanamh sa Státseirbhís. Is dea-thaithí é agus déanann tú cairde - bhí mé an-tógtha leis an ionad oibre sin.” – Maeve Dermody, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
“Tuigim anois gur chóir dom mo scíth a ligean agus sult as bhaint as an taithí. Níor chóir dom mé féin a thuiscint mar dhuine atá difriúil ó dhaoine eile, fiú mura bhfuil a lán fostaithe faoi mhíchumas san eagraíocht. Go dtí go gcuirtear an próiseas ginearálta earcaíochta in oiriúint dóibh siúd atá faoi mhíchumas agus go dtí go ndírítear ar phoist ar leith, ba chóir níos mó úsáide a bhaint as Clár WAM mar bhealach iontrála do chéimithe atá faoi mhíchumas.” – Rachel Naughton, Seirbhísí Dlí, An Garda Síochána
Na Bainisteoirí - An méid atá le rá acu
“Bhí dúshláin i gceist. Chun dul i ngleic leo, bhí orainn iad a aithint go luath agus tacaíocht a lorg chun déileáil leo. Bíonn gach duine thíos leis nuair nach dtéitear i ngleic le ceisteanna nuair a thagann siad chun tosaigh.”
Lisa Sheedy, Príomhoifigeach Cúnta sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
“Bíonn buntáistí i gceist sa timpeallacht oibre, i dtaca le céimí a fháil a bhfuil na scileanna cuí acu, ach bíonn buntáistí i gceist i d’aonad féin chomh maith i dtaca le tuairimí agus claontacht a cheistiú agus comhionannas a chur chun cinn, rud atá fíorthábhachtach d’aon bhainisteoir sa Státseirbhís.”
Linda Walsh, Príomhoifigeach Cúnta in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim atá freagrach as reachtaíocht Chustaim
Riachtanais Reachtaíochta Státseirbhíse
-
Dualgas na hEarnála Poiblí maidir le Comhionannas agus Cearta an Duine
-
Straitéis Chuimsitheach Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas
-
Straitéis Chuimsithe Náisiúnta um an Lucht Siúil agus Rómaigh
-
An Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú don lucht LADTA 2019-2021
- Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015
Ag cabhrú leat barr do chumais a bhaint amach
Anseo ag Publicjobs.ie, ba mhaith linn cabhrú leat barr do chumais a bhaint amach i ngach staid earcaíochta. Chun teacht ar threoir, féach ar na naisc thíos.
Nuacht agus Eachtraí
Tuilleadh Eolais
Le tuilleadh eolais faoi inrochtaineacht ár seirbhísí a fháil, téigh go dtí an leathanach maidir le hinrochtaineacht nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár dTacadóir Míchumais:
Amanda Kavanagh,
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Guthán:(01) 8587655