FAIGH EOLAS FAOIN TSEIRBHÍS PHOIBLÍ, AN FOSTÓIR IS MÓ IN ÉIRINN

EOLAS
Agus í ina fostóir is mó in Éirinn, tá os cionn 350,000 duine fostaithe san earnáil phoiblí trí ranna rialtais éagsúla, tríd an státseirbís agus tríd an tseirbhís phoiblí. Dá bharr, tá a lán deiseanna ar fáil do dhaoine óga san earnáil phoiblí. Is féidir le múinteoirí, Treoirchomhairleoirí, tuismitheoirí nó caomhnóirí eolas a fháil faoi na gairmeacha a chuireann muid ar fáil. Taispeánfaidh muid duit cad atá ag teastáil chun do chos a chur ar an dréimire gairme, na buntáistí a bhaineann lena bheith ag obair san earnáil phoiblí, na scalaí tuarastail, agus an chaoi ar féidir leat cur isteach ar phost. Is féidir leat éisteacht leis an méid atá le rá ag cuid dár bhfoireann faoina bheith ag obair anseo.
TIONSCNAMH PUBLIC JOBS DO SCOILEANNA
Is clár suimiúil agus mealltach é Tionscnamh Public Jobs do Scoileanna do dhaltaí iarbhunscoile a bhfuil sé mar aidhm aige suim a mhúscailt sna deiseanna éagsúla gairme atá ar fáil san earnáil phoiblí. Tá Pacáiste Acmhainní Public Jobs do Scoileanna agus An Cur i Láthair - Comórtas Fógraíochta Publicjobs.ie do Scoileanna - i gceist.
PACÁISTE ACMHAINNÍ PUBLIC JOBS DO SCOILEANNA
Is pacáiste acmhainní oideachais é Pacáiste Public Jobs do Scoileanna a dearadh don seomra ranga agus don fhoghlaim fhéinstiúrtha, agus tá neart pointí foghlama ann do ranganna Idirbhliana, ATF agus GCAT. Is é cuspóir an phacáiste an earnáil phoiblí a mhíniú agus a shoiléiriú ar bhealach spraíúil, áisiúil agus mealltach.
Tá 5 phlean ceachta sa phacáiste, mar aon le níos mó ná 10 gconair ghairme agus dteistimeireacht ó sheirbhísigh phoiblí ata ag obair faoi láthair. Anuas air sin, tá na hacmhainní uilig ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
TÁ NA TOPAICÍ AGUS NA TORTHAÍ FOGHLAMA SEO A LEANAS I gCEIST:
- Cad go díreach atá i gceist leis an téarma ‘earnáil phoiblí’?
- An ról atá ag Rialtas na hÉireann
- Na féidearthachtaí atá ann do dhaltaí nuair a fhágann siad an scoil nó an coláiste
- An réimse leathan post agus conairí gairme atá ar fáil
- An fáth a bhfuil daoine an-sásta a bheith ag obair anseo
AN CUR I LÁTHAIR
Nuair atá an t-eolas uilig faoin earnáil phoiblí atá ag teastáil uathu ag Daltaí, is féidir leo leas a bhaint as na scileanna nua sin trí pháirt a ghlacadh sa Chur i Láthair, Comórtas Fógraíochta PublicJobs.ie do Scoileanna. Tá duaiseanna iontacha le buachan.
Is féidir leat na sonraí uilig a fháil ar an leathanach an Chomórtais, mar aon le heolas faoin Searmanas Duaiseanna agus faoi na Duaiseanna ó 2022.
CONAS TÚS A CHUR LE D’IONTRÁIL
Tá muidne tar éis an obair chrua a dhéanamh duit. Chuir muid eolas cuimsitheach, ach mealltach, le chéile do dhaltaí agus do mhúinteoirí.
Is féidir le Treoirchomhairleoirí agus Múinteoirí féachaint ar an rannán ina bhfuil Acmhainní do Mhúinteoirí, ina bhfuil 5 phlean ceachta ar leith a bhaineann leis an earnáil phoiblí agus na deiseanna gairme atá ar fáil, mar aon le níos mó ná 10 gconair ghairme agus dteistiméireacht scríofa agus físe.
Is féidir le Daltaí féachaint ar an rannán ina bhfuil Eolas do Dhaltaí, ina bhfuil nodanna ar fáil i dtaca le tuilleadh eolais a fháil lasmuigh de do cheachtanna scoile. Tá an-chuid eolais i rannán na bPróifílí Gairme faoi na cineálacha gairmeacha atá ar fáil, faoi na nithe atá i gceist sna gairmeacha sin, faoin tuarastal agus tá físeáin ó fhostaithe ar fáil ann chomh maith.