1. Eolas do dhaoine faoi mhíchumas
1.1 Má táim faoi mhíchumas, an féidir liom iarratas a chur isteach fós?
Is féidir, cinnte! Tá ról tábhachtach ag poistphoiblí maidir le hiarrthóirí ó gach carn den tsochaí a mhealladh agus maidir lena chinntiú go bhfuil rochtain ag duine a bhfuil suim acu i ndeiseanna gairme ar na deiseanna sin. Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna do gach iarrthóir.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá socruithe réasúnta ag teastáil uait le linn an phróisis roghnaithe, molaimid go láidir duit é sin a chur in iúl dúinn ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfaigheann tú an tacaíocht atá de dhíth ort. Is éard atá i gceist le cóiríocht réasúnta inár bpróiseas roghnaithe ná socruithe agus athruithe praiticiúla a dhéantar chun a chinntiú go bhfuil an deis chéanna ag iarrthóir faoi mhíchumas agus atá ag gach iarrthóir eile in aon chomórtas. Maidir leis na socruithe a chuirimid ar fáil, tá na socruithe seo a leanas i gceist: teicneolaíocht chúnta, am sa bhreis, scríobhaithe agus/nó léitheoirí agus réimse de shocruithe eile.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá socruithe ag teastáil uait, bí cinnte nach mbeidh tionchar aige sin ar do dhul chun cinn sa phróiseas roghnaithe; ní bheidh tú faoi mhíbhuntáiste má thugann tú eolas dúinn faoin míchumas atá ort nó faoi na socruithe atá de dhíth ort. Coinneoimid eolas faoin míchumas atá ort/faoi na socruithe atá de dhíth ort faoi rún daingean.
Má éiríonn leat, ní sheolafar eolas a thugann tú dúinn faoin míchumas atá ort don phróiseas earcaíochta ar aghaidh chuig an roinn fostaíochta, ach amháin má iarrann tú orainn seo a dhéanamh.
1.2 Rochtain agus cóiríocht réasúnta – cad a tharlóidh má tá cabhair uaim?
Má chuir tú in iúl ar d’fhoirm iarratais/phróifíl go bhfuil cóiríocht réasúnta ag teastáil uait, cuir tuairisc ó shíceolaí/tuairisc leighis ar aghaidh chuig
Is é is cúis leis an tuairisc eolas a thabhairt do Publicjobs.ie ionas gur féidir cóiríocht réasúnta a chur ar fáil más cuí. Maidir leis an eolas sna tuairiscí sin atá cabhrach dúinn, tá an t-eolas seo a leanas san áireamh: torthaí aon tástálacha diagnóiseacha a rinne do shíceolaí/dhochtúir, agus achoimre ón síceolaí/dochtúir ar mholtaí maidir le do riachtanais. Is féidir leat codanna de thuairiscí leighis/thuairiscí ó shíceolaí a cheilt (a bhaint amach) má cheapann tú go bhfuil siad íogair nó nach bhfuil gá leo.
Féach ar an leabhrán eolais don chomórtas ar chuir tú isteach air chun treoir a fháil maidir le hamlínte do thuairiscí.
Má rinne tú iarratas ar chomórtas cheana le Publicjobs.ie agus má chuir tú tuairisc isteach, seol ríomhphost chuig
Más mian leat plé a dhéanamh ar d’iarrthóireacht agus ar chóiríocht réasúnta ar féidir léi cabhrú leat le linn an phróisis earcaíochta, téigh i dteagmháil lenár dTacadóir Míchumais, Amanda Kavanagh, ar
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hinrochtaineacht ár seirbhíse, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoin Inrochtaineacht.
2. Clárú le poistphoiblí agus ag logáil isteach i do chuntas
2.1 An bhfuil ardán earcaíochta nua ag poistphoiblí?
Tá ardán earcaíochta nua ag poistphoiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár n-ardán earcaíochta nua faoi na príomhathruithe a chuirfear i bhfeidhm dár n-iarrthóirí, téigh chuig leathanach eolais shuíomh gréasáin ár n-ardáin earcaíochta nua.
2.2 An féidir liom teacht a fháil ar sheanardán earcaíochta poistphoiblí go fóill?
Ní féidir. Tá díchoimisiúnú á dhéanamh ar ár seanardán earcaíochta agus ní féidir le hiarrthóirí teacht a fháil air a thuilleadh.
2.3 Conas a chláraím ar an ardán nua?
Cliceáil ar Cláraigh agus lean na treoracha ar an scáileán chun cuntas a chruthú ar an ardán nua.
2.4 Conas a logálaim isteach i mo chuntas tar éis dom cuntas a chruthú?
Má tá cuntas cruthaithe agat cheana ar ár n-ardán earcaíochta nua, is féidir logáil isteach ag an nasc seo . Úsáid an seoladh ríomhphoist a d'úsáid tú chun do chuntas a chruthú mar d'ainm úsáideora. Chruthaigh tú pasfhocal pearsanta chomh maith nuair a chruthaigh tú do chuntas.
2.5 Tá cuidiú de dhíth orm chun logáil isteach agus chun teacht a fháil ar mo chuntas.
Is é an seoladh ríomhphoist a d'úsáid tú nuair a chruthaigh tú do chuntas d'ainm úsáideora chun logáil isteach. Chruthaigh tú pasfhocal pearsanta chomh maith nuair a chruthaigh tú do chuntas. Má tá dearmad agat ar do phasfhocal, cliceáil ar 'Dearmad déanta ar do phasfhocal?' sa scáileán Logáil Isteach.
Mura bhfuil tú in ann logáil isteach tar éis pasfhocal nua a chruthú, téigh i dteagmháil le
Má tá tú ag dul i dteagmháil linn chun cuidiú a fháil le do chuntas, ná déan dearmad do sheoladh ríomhphoist, do dháta breithe, agus d'uimhir PPS a thabhairt dúinn ionad gur féidir linn do chuntas a aithint mar is cuí.
3. Cad í an státseirbhís agus cad iad na poist atá ar fáil?
3.1 Cad iad gráid na státseirbhíse, agus an bhfuil céim uaim?
Tosaíonn daoine i ngráid éagsula sa Státseirbhís, ag brath ar an leibhéal oideachais, scileanna agus taithí atá acu. Bíonn cáilíochtaí ag leibhéil ar leith ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí ag teastáil do roinnt pointí iontrála, ach ní bhíonn siad ag teastáil do gach pointe iontrála. Tá deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine atá ag fágáil na scoile, do chéimithe agus d’oibrithe gairmiúla.
Chun achoimre chuimsitheach a fháil ar struchtúr na ngrád sa Státseirbhís, ar chonairí gairme sa Státseirbhís agus chun eolas a fháil ar an ról ar leith agus ar riachtanais iontrála ag gach grád, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoi Chonair Ghairme sa Státseirbhís..
3.2 Cad iad na heagraíochtaí a ndéanann publicjobs.ie earcaíocht dóibh agus cén cineál ról atá ar fáil?
Is é Publicjobs.ie an soláthraí lárnaithe seirbhísí earcaíochta don Státseirbhís. Cuirimid seirbhísí earcaíochta ar fáil chomh maith do na róil is sinsearaí in Údaráis Áitiúla, do phoist cheannaireachta agus do Chomhairligh Leighis do FSS, don Gharda Síochána agus do phoist ghairimiúla agus theicniúla speisialtachta éagsúla san Earnáil Phoiblí. Tugaimid tacaíocht chomh maith do cheapacháin a dhéanann Airí, chuig Boird Stáit trínár suíomh gréasáin Stateboards.ie.
Gheobhaidh tú tuilleadh sonraí má leanann tú an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoi na hEagraíochtaí a ndéanaimid Earcaíocht dóibh.
3.3 An bhfuil scrúdú ginearálta le déanamh le dul isteach sa Státseirbhís?
Níl scrúdú ginearálta le déanamh le dul isteach sa Státseirbhís. Má tá suim agat i gcomórtais nó i róil éagsúla, ní mór duit cur isteach ar gach comórtas ina aonar agus na measúnaithe do gach comórtas a dhéanamh de réir mar is gá.
3.4 An bhfuil eolas agaibh do threoirchomhairleoirí, do chomhordaitheoirí Idirbhliana agus do mhúinteoirí in iarbhunscoileanna?
Chun eolas cuimsitheach a fháil, féach ar ár micreashuíomh ar leith do scoileanna. Gheobhaidh tú gach ní atá ag teastáil uait chun tacaíocht a thabhairt do do dhaltaí agus iniúchadh á dhéanamh acu ar an earnáil phoiblí agus ar na gairmeacha a mbeidh siad in ann teacht orthu - agus tá gach ní i rannán amháin. Tá 6 phlean ceachta ar leith ann ina bhfuil pointí imhúinte do ranganna Idirbhliana, ATF agus GCAT agus a chabhróidh leat an earnáil phoiblí a mhíniú do dhaltaí ar bhealach taitneamhach, úsáideach agus mealltacht.
An bhfuil tuilleadh eolais uait? Lean an nasc seo chuig Pacáiste Acmhainní Public Jobs do Scoileanna
3.5 An mbíonn socrúcháin oibre nó intéirneachtaí ar fáil?
Níl scéim lárnaithe i bhfeidhm againn do thaithí oibre a dhéantar mar chuid den idirbhliain, do shocrúcháin oibre nó d’intéirneachtaí sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. Más mian leat taithí den chineál seo a fháil, b’fhiú duit dul i dteagmháil le haon roinn nó le haon oifig rialtais go díreach. Ba chóir duit labhairt le chomhordaitheoir do chúrsa chomh maith.
4. Comhairle faoin bpróiseas earcaíochta agus faoi iarratais
4.1 Cén chaoi ar féidir liom iarratas a chur isteach ar phost?
Chun iarratas a chur isteach ar fholúntas ar ár suíomh gréasáin, cliceáil ar an gcnaipe 'Déan Iarratas' san fhógra don phost a bhfuil suim agat ann. Iarrfar ort logáil isteach nó cuntas a chruthú ar ár n-ardán earcaíochta nua sula gcomhlánaíonn tú d'iarratas.
Féach ar an bhfíseán dar teideal 'Foirm Iarratais' ar leathanach eolais shuíomh gréasáin ár nArdáin Earcaíochta Nua chun treoracha a fháil maidir le conas iarratas a chur isteach ar phoist ar an ardán nua.
4.2 Conas is féidir liom foláireamh/foláirimh phoist a shocrú?
Molaimid duit foláirimh phoist a shocrú ionas go gcuirfear ar an eolas tú maidir le róil agus le deiseanna cuí linn.
Chun foláirimh phoist a shocrú ar ár n-ardán earcaíochta nua:
- Céim 1 - Logáil isteach i do chuntas.
- Céim 2 - Nuair atá tú logáilte isteach, téigh chuig Tairseach na nIarrthóirí trí chliceáil a dhéanamh ar d'ainm sa chúinne ag barr an scáileáin ar dheis.
- Céim 3 - I 'Roghanna Próifíle,' cliceáil ar 'Ionad Foláirimh'.
- Céim 4 - Cliceáil ar 'Cruthaigh Foláireamh Poist Nua'.
- Céim 5 - Comhlánaigh na réimsí uilig san fhoirm Foláirimh Phoist le heolas maidir leis na róil gur mhaith leat fógra a fháil maidir leo.
- Céim 6 - Cliceáil ar 'Sábháil' agus beidh an próiseas críochnaithe agat.
Beidh liosta iomlán na bhFoláireamh Poist ar fáil in Ionad Foláirimh do chuntais, agus is féidir na foláirimh a athrú nó a scriosadh más gá.
Féach ar an bhfíseán seo chun treoracha a fháil maidir le foláirimh phoist a shocrú.
4.3 Céard é UA Iarrthóra?
Tabharfar uimhir aitheantais iarrthóra duit le haghaidh gach folúntas a gcuireann tú iarratas isteach orthu. Is féidir an UA Iarrthóra seo a fheiceáil nuair a chliceálann tú ar 'Féach ar Stádas' i d'Ionad Iarratais, agus sna teachtaireachtaí a bhfaighidh tú ón bhfoireann earcaíochta.
Déan cinnte go gcuireann tú an UA Iarrthóra seo ar leith isteach chomh maith le teideal an fholúntais agus an UA Folúntais má théann tú i dteagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil agus beimid in ann do cheist a chur ar aghaidh chuig an fhoireann chuí.
4.4 Cad é an próiseas earcaíochta agus cá fhad a thógann sé?
Déantar achoimre ar staideanna an phróisis earcaíochta d’aon fheachtas earcaíochta, mar aon le dátaí sealadacha, sa leabhrán eolais don fheachtas sin.
Chun achoimre chuimsitheach ar staideanna an phróisis earcaíochta, ar ghnáthamlínte earcaíochta agus chun gluais téarmaí a fheiceáil, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoin bPróiseas Earcaíochta.
4.5 An féidir liom CV a uaslódáil mar dhoiciméad tacaíochta le m’iarratais?
Mura n-iarrtar é, ní gá CV a chur isteach mar dhoiciméad tacaíochta le d’fhoirm iarratais. Iarrfar ort gach eolas a thabhairt atá riachtanach le d’iarratas a phróiseáil ar an bhfoirm iarratais.
Ní ghlacann Publicjobs le CVanna gan iarraidh. Chun teacht ar eolas faoinár bpróiseas iarratais, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Iarratais.
4.6 An gá dom an fhoirm iarratais a shíniú?
Ní gá duit an fhoirm iarratais a shíniú, is leor d’ainm a chlóscríobh.
4.7 Conas a bheidh a fhios agam go bhfuarthas m’iarratas?
Má comhlánaíodh agus má cuireadh d'iarratas isteach i gceart, seolfar ríomhphost chugat chun deimhniú go bhfuil poistphoiblí ag déanamh machnaimh ar d'iarratas. Ag an bpointe seo, ba chóir duit @publicjobs.tal.net a chur le do liosta de dhaoine nó de theagmhálaithe sábháilte i do chuntas ríomhphoist chun nach gcuirfear cosc ar ríomhphoist ó poistphoiblí.
Má cuireadh d'iarratas isteach i gceart beidh tú in ann d'fhoirm iarratais a fheiceáil chomh maith trí chliceáil a dhéanamh ar 'Féach ar Fhoirm(eacha) a Cuireadh Isteach' faoi theideal an fholúntais chuí sa roghchlár ar an taobh deas san Ionad Iarratais. Chun teacht a fháil ar d'Ionad Iarratais, cliceáil ar d'ainm ar bharr an scáileáin nuair atá tú logáilte isteach.
4.8 An féidir liom m’iarratas a tharraingt siar?
Is féidir leat d’iarratas a tharraingt siar ag staid ar bith den phróiseas roghnaithe. Is féidir é seo a dhéanamh i do chuntas poistphoiblí. Téigh chuig 'Féach ar Stádas' faoi theideal an fholúntais chuí sa roghchlár ar an taobh deas san Ionad Iarratais. Tabharfar an deis duit d'iarratas a tharraingt siar. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir iarratas a chur isteach ar an bhfolúntas céanna má tharraingíonn tú d'iarratas siar. Chun teacht a fháil ar d'Ionaid Iarratais, cliceáil ar d'ainm ar bharr an scáileáin nuair atá tú logáilte isteach.
4.9 An féidir liom cur isteach ar phost sa tseirbhís phoiblí má ciontaíodh mé as cionta coiriúla?
Má ciontaíodh thú as cion coiriúil, ní chiallaíonn sé sin nach mbeidh tú in ann a bheith ag obair i roinnt mhaith ról sa tseirbhís phoiblí. Is féidir le hiarrthóirí ar ciontaíodh as cionta iad cur isteach ar róil; má éiríonn leo sa phróiseas roghnaithe, áfach, agus má tá siad á meas do ról, fiafróidh díobh ar ciontaíodh iad as cion coiriúil le linn na seiceálacha réamhfhostaíochta. Déanfaidh poistphoiblí measúnú riosca ansin, bunaithe ar an eolas a thugtar. Ina theannta le nochtadh an iarrthóra, tugann gach iarrthóir faoi Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do chomórtais oscailte agus beidh orthu teastas Póilíneachta a fháil d’aon áit lasmuigh d’oileán na hÉireann ina raibh cónaí orthu ó bhí siad 16 bliana d’aois. Maidir le róil/eagraíochtaí ar leith, is féidir nach mbeidh tú in ann post a fháil má ciontaíodh thú as cion coiriúil.
5. Comhairle faoi thrialacha agus agallaimh
5.1 Cad iad na trialacha agus cá fhad a thógann siad?
Má thugtar cuireadh chuig triail duit, seolfar na sonraí ar fad chugat in ábhar taithíochta roimh dháta an agallaimh.
Chun eolas a fhail faoin ngnáthphróiseas trialach agus chun teacht ar roinnt nodanna úsáideacha, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Thrialacha.
5.2 Cad é leagan amach an agallaimh agus cá fhad a thógann sé?
Má thugtar cuireadh chuig agallamh duit, seolfar na sonraí ar fad chugat i leabhrán eolais nó i litir roimh dháta d’agallaimh.
Chun eolas a fhail faoin ngnáthphróiseas agallaimh agus chun teacht ar roinnt nodanna úsáideacha, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Agallaimh.
5.3 Cathain a bheidh torthaí na dtrialacha ar fáil?
Ag brath ar líon na n-iarrthóirí atá ag déanamh na trialach, de ghnáth cuirtear na torthaí ar do bhord teachtaireachtaí trí nó ceithre seachtaine tar éis dháta dúnta na trialach. Má tá ceist ar bith agat maidir le torthaí trialach, téigh i dteagmháil leis an aonad a bhfuil an triail á déanamh agat dó. Ba chóir go mbeadh sonraí teagmhála ar fáil sa leabhrán eolais.
5.4 An féidir liom dáta/am mo thrialach nó m’agallaimh a athrú?
Ní mór iarratas maidir le dáta/am an agallaimh a athrú a sheoladh chuig an aonad earcaíochta cuí trí mheán an ríomhphoist roimh an dáta a socraíodh agus ní dheanfar é a mheas ach i gcásanna eisceachtúla, nuair a cheapann an poistphoiblí go bhfuil sé oiriúnach (m.sh. Bás/Tinneas). Bí ar an eolas gur féidir go lorgóidh poistphoiblí tacaíocht i ndoiciméad mar fhianaise. I gcás iarrthóirí a dtugtar sceideal nua dóibh, próiseálfar iad leis an gcéad ghrúpa iarrthóirí eile a fhaigheann cuireadh chuig an triail/agallamh a cuireadh ar athlá.
I gcás iarrthóirí a dtugtar sceideal nua dóibh, ní thabharfar ach deis amháin dóibh é sin a dhéanamh. Murar féidir le hiarrthóir cloí leis an sceideal nua, glactar leis gur tharraing siad siar as an gcomórtas.
5.5 An bhfuil aon chomhairle faoi ullmhúchán a dhéanamh do thrialacha agus d’agallaimh?
Chun teacht ar chomhairle faoi ullmhúchán a dhéanamh do thrialacha , lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Thrialacha.
Chun teacht ar chomhairle faoi ullmhúchán a dhéanamh d’agallaimh, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil Comhairle faoi Agallaimh.
5.6 Ní fheicim aon rud ar mo chlár teachtaireachtaí?strong>
Coimeád súil ar do Chlár Teachtaireachtaí ar Publicjobs.ie leis an eolas is déanaí a fháil faoi aon fheachtas ar chuir tú isteach air. Má tú ag fanacht le toradh agus mura bhfeiceann tú teachtaireacht ar do chlár teachtaireachtaí ar public jobs; níor seoladh do thoradh amach go fóill.
6. Aiseolas, gearáin agus achomhairc
6.1 An féidir liom aiseolas a lorg i dtaca le m’agallamh?
Tá aiseolas maidir leis an bpróiseas roghnaithe ar fáil má lorgaítear é. Is féidir aiseolas agus athscrúdú a lorg go dtí sé mhí tar éis chríochnú gach staide den chomórtas. Tabhair faoi deara, áfach, gur próiseas eagsúil é an Próiseas Athbhreithnithe mar atá leagtha amach sa Chód Cleachtais agus go bhfuil tréimhse ama ar leith ar gá cloí leis i gceist. Níl sé riachtanach aiseolas a fháil chun athbhreithniú a lorg. Ní gá d’iarrthóir cás mionsonraithe a chur le chéile sula gcuirtear tús le hachomharc. Ní féidir an tréimhse ama atá leagtha amach i gCód an CCSP a shíneadh ar chúis ar bith, lena n-áirítear aiseolas agus/nó torthaí athscrúduithe.
6.2 An féidir liom dul i dteagmháil leis an mBord le tuilleadh eolais a fháil?
Bíonn ionadaí de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoibí ar gach bord agallaimh. Tá gach aiseolas agus achomharc bunaithe ar na nótaí a thóg ionadaí poistphoiblí agus baill an Bhoird a rinne an t-agallamh. Tá na nótaí agus an t-aiseolas seo ar fáil, ar iarratas ón aonad earcaíochta. Seachas sin, ní féidir dul i dteagmháil le baill de bhoird chun tuilleadh aiseolais a lorg.
6.3 An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh an toraidh mura n-éiríonn liom?
Déantar an chuid is mó de na comórtais a reáchtálann poistphoiblí de réir chód cleachtais an CCSP. Beidh difríochtaí idir an próiseas athbhreithnithe do chomórtais a fógraíodh roimh 12 Samhain 2021 agus an próiseas do chomórtais a fógraíodh i ndiaidh 12 Samhain 2021.
Is féidir teacht ar eolas faoin bpróiseas athbhreithnithe cuí agus ar naisc chuig cóid an CCSP tríd an an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoin bPróiseas Athbhreithnithe.
6.4 Cén chaoi ar féidir liom gearán a chur isteach?
Beidh difríochtaí idir an próiseas gearán do chomórtais a fógraíodh roimh 12 Samhain 2021 agus an próiseas do chomórtais a fógraíodh i ndiaidh 12 Samhain 2021.
Is féidir teacht ar eolas faoin bpróiseas gearán cuí agus ar naisc chuig cóid an CCSP tríd an an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoin bPróiseas Athbhreithnithe.
7. Painéil, imréiteach, agus ceapacháin
7.1 Cad atá i gceist le painéil, le himréiteach agus le ceapacháin?
Má chuirtear ar phainéal thú, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an post faighte agat... Má chuirtear ar phainéal thú agus má thagann go leor folúntas chun cinn sula gcríochnaíonn an painéal, áfach, beimid i dteagmháil leat maidir leis an bpróiseas imréitigh agus ceapacháin.
Chun achoimre chuimsitheach ar staideanna an phróisis earcaíochta, lena n-áirítear gluais téarmaí a fheiceáil, lean an nasc seo chuig an leathanach ar a bhfuil eolas faoin bPróiseas Earcaíochta.
7.2 Cathain a chríochnaíonn painéal?
Braitheann sé seo ar an gcomórtas. Mura luaitear dáta éaga an phainéil sa leabhrán eolais, is féidir leis poistphoiblí an dáta sin a shocrú.
7.3 An gcaithfidh mé poistphoiblí a chur ar an eolas más rud é gur tháinig athrú ar mo chúinsí fostaíochta le linn staid an imréitigh?
Caithfidh. Ó thaobh an imréitigh de, teastaíonn an t-eolas is úire faoi gach iarrthóir uainn.
7.4 An féidir leis poistphoiblí cabhair a thabhairt maidir le doiciméid a fháil don staid imréitigh?
Mar a luaitear sa leabhrán eolais, is faoin iarrthóir féin atá sé gach doiciméad a lorgaíonn poistphoiblí don phróiseas imréitigh a sholáthar taobh istigh den am atá ceadaithe. Ní féidir leis poistphoiblí cabhair ar bith a thabhairt maidir le doiciméid imréitigh a fháil.
7.5 Cén fáth a gcaithfidh mé m’fhostóir reatha a úsáid mar theistiméireacht sula gceapfar mé?
Úsáidimid d’fhostóir reatha le teistiméireacht a fháil. Má tá tú ag obair san earnáil phríobháideach, áfach, ní dhéanfar aon teagmháil le d’fhostóir reatha i ngan fhios duit.
7.6 Cén áit ina gceapfar mé, agus an féidir liom an roinn nó an oifig a roghnú?
Ní féidir leat an áit ina gceapfar thú a roghnú, ach tá cead agat iarratas a chur isteach nuair a théann an t-aonad imréitigh i dteagmháil leat. Ní féidir linn a gheallúint go nglacfar leis an iarratas seo. Chun cothromaíocht a chinntiú do gach iarrthóir, déantar ceapacháin bunaithe ar na folúntais atá ar fáil nuair a bhaintear d’áit san ord fiúntais amach.
7.7 Cad a tharlaíonn má dhiúltaím do thairiscint ar cheapachán?
Má dhiúltaíonn tú do cheapachán, glactar leis gur tharraing tú siar d’iarratas agus ní dhéanfar aon tairiscint sa bhreis duit maidir leis an bcomórtas áirithe sin. Féach ar an leabhrán eolais chun teacht ar threoirlínte imréitigh.
7.8 Cad a tharlaíonn nuair atá a cheaptar mé agus cé chomh luath is a chaithfidh mé dul i mbun oibre?
Chomh luath agus a cheaptar thú, beidh ball foirne AD na roinne inar ceapadh thú i dteagmháil leat le do chonradh, dáta tosaigh agus sonraí eile a phlé. Pléifidh tú do dháta tosaigh leis an eagraíocht fostaithe.
7.9 An féidir liom dul i dteagmháil le duine éigin ón Rannóg/Údarás Fostaithe leis an ról a phlé?
Is í poistphoiblían príomhphointe teagmhála do cheisteanna, lena n-áirítear ceisteanna logála isteach agus iarratais, ceisteanna faoin ról, agus ceisteanna faoi dhul chun cinn an fheachtais. Gheobhaimid eolas eile atá ag teastáil uait chomh maith, má tá sé ar fáil.
Nuair a thagann deireadh leis an bpróiseas earcaíochta agus nuair a cheaptar thú, tabharfaidh baill dár nAonad Imréitigh sonraí teagmhála duit don aonad AD i do roinn nua. Ní bhfaighidh tú na sonraí teagmhála seo roimhe sin.
7.10 An féidir liom idirbheartaíocht a dhéanamh i dtaca le mo thuarastal tosaigh?
Tá gach eolas faoin tuarastal ar fáil sa leabhrán eolais cuí.
An bhfuil ceist agat nár thugamar freagra air, nó an gcaithfidh tú dul i dteagmháil linn? Gheobhaidh tú ár sonraí uilig ar an leathanach Déan Teagmháil Linn ar an suíomh gréasáin seo.
Maidir le ceisteanna ó chliaint, téigh chuig ár Mol Eolais do Chliaint