
Tá sé mar aidhm againn ár seirbhísí, ár bhfoirgnimh agus ár suíomh gréasáin a bheith ar fáil an oiread agus is féidir agus cuirimid fáilte roimh dhaoine atá iomlán cumasach agus daoine faoi mhíchumas, ár seirbhísí a úsáid.
Molaimid do gach duine úsáid a bhaint as ár seirbhísí agus páirt ghníomhach a ghlacadh maidir le hinrochtaineacht na seirbhísí uilig a chuirimid ar fáil a fheabhsú.
Tá eolas faoi inrochaineacht ár suímh gréasáin, ár bhfoirgnimh agus ár seirbhísí ar fáil thíos.
Cad is ciall le hInrochtaineacht?
Is ionann inrochtaineacht agus a rá gur féidir le daoine a bhfuil gach cumas acu agus daoine faoi mhíchumas in ann ár suíomh gréasáin, na seirbhísí, an foirgneamh agus ár gcleachtais a úsáid.
Is féidir daoine a bhfuil míchumais éagsúla acu, daoine aosta agus daoine gan Béarla acu a chur san áireamh ach níl sé teoranta dóibh siúd amháin. Sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí déanaimid iarracht a chinntiú go bhfuil ár seirbhísí ar fad ar fáil an oiread agus is féidir don phobal.
Inrochtaineacht
Más féidir, tá sé beartaithe againn go mbeadh ár bhfoirgneamh, doiciméid agus suíomh gréasáin ar fáil an oiread agus is féidir.
Ar mhaithe le sábhailteacht iarrthóirí agus ár bhfoirne, faoi láthair tá gach agallamh aghaidh ar aghaidh curtha siar. Tá socruithe eile, ina mbaintear leas as réimse de na teicneolaíochtaí agus na bealaí is déanaí, curtha i bhfeidhm, agus leanfar á gcur i bhfeidhm, d’fhonn tacú lenár bhfeachtais a chur i gcrích ag an am seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.
Leanfaimid orainn ag déanamh cumarsáide mar is gnách le gach iarrthóir tríd an mBord Teachtaireachtaí i do chuntas Publicjobs.ie
Féach ar ár dTairseach Faisnéise Covid-19 le tuilleadh eolais a fháil.
Má tá ceisteanna agat faoin inrochtaineacht, téigh i dteagmháil le hAmanda Kavanagh, trí ríomhphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. , chun iad a phlé, le do thoil.
Déanaimid iarracht cóiríocht réasúnta a chur ar fáil agus treoirlínte inrochtaineachta an Údaráis Náisiúnta Míchumais a chomhlíonadh dár suíomh gréasáin más féidir.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi Dhoiciméid a Lorg i bhformáidí eile, Treoirlínte d’Fhoirgnimh Inrochtana, Eolas Inrochtana faoi Sheirbhís do Chustaiméirí, agus ár mBeartas Cumarsáide um Eolas Inrochtana, léigh iad seo:
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí Lámhleabhar Rochtana
26-30 Áras na Caibidle,
Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1
Inrochtaineacht an tSuímh Gréasáin
Tá muid tiomanta maidir le heolas agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil duit. Comhlíonann ár suíomh gréasáin comhlíonadh WCAG 2.0 AA World Wide Web Consortium (W3C), treoirlínte ábhair agus cód cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hinrochtaineacht seirbhísí poiblí.
Tá sé beartaithe againn inrochtaineacht an tsuímh seo a chothabháil agus a fheabhsú.
Tá tuilleadh eolais faoi threoirlínte W3C ar fáil ag
World Wide Web Consortium Guidelines
Naisc Sheachtracha
Is féidir go mbeadh naisc sheachtracha chuig suíomhanna eile ar an suíomh gréasáin seo. Níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as inrochtaineacht do naisc sheachtracha.
Doiciméid
Tá na doiciméid ar an suíomh gréasáin seo ar fáil i bhFormáid Doiciméad Iniompartha (PDF). Chun PDFnna a oscailt ní mór duit an bogearra saor in aisce Adobe Acrobat Reader a thógáil anuas agus a shuiteáil.
Chuir muid leagan nach PDF é ar fáil má b’fhéidir, nuair a bhí doiciméad PDF ann. Murar féidir leat teacht ar an eolas i ndoiciméad PDF ar an suíomh seo, déan teagmháil linn.
Sholáthair muid téacs i scríbhinn d’fhíseáin na bhfostaithe in áit fotheidealú físeáin..
nó ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.