Ár bhFoireann | Foireann Bhainistíochta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí | publicjobs.ie

An Fhoireann Bhainistíochta

Paul Geraghty

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin


Paul Geragthy

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is é Paul Geraghty Príomhfheidhmeannach poistphoiblí ó bhí an 6 Eanáir 2026 ann. Mar chuid den ról sin, is é Paul an tOifigeach Cuntasaíochta do Vóta poistphoiblí. Tá sé freagrach don Bhord as riarachán agus gnó poistphoiblí a stiúradh, a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach. Ina ról mar Phríomhfheidhmeannach tá sé freagrach as straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus as luachanna agus cáil na heagraíochta a chaomhnú.

Sular thosaigh Paul ag obair le poistphoiblí, d'oibrigh sé san earnáil phríobháideach agus, ó 2007 i leith, tá sé ag obair sa státseirbhís. Ina ghairm bheatha, tá taithí shuntasach faighte aige ar fhorbairt beartas, clár agus forbairt chorparáideach i ranna rialtais éagsúla. Tá cláir mhóra mhaoiniúcháin forbartha agus curtha ar fáil aige agus, ina theannta sin, tá beartais agus straitéisí curtha i bhfeidhm aige i dtimpeallachtaí casta ina raibh páirtithe leasmhara éagsúla.

Creideann Paul gurb iad an fhoireann croílár na heagraíochta agus tá lánmhuinín aige as cumhacht na ndaoine agus as an ngníomhaíocht chomhchoiteann. Tá spéis ar leith aige sa Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú agus cuireann sé béim mhór ar an ionchuimsiú san ionad oibre. Tá Máistreacht sna hAcmhainní Daonna agus céim sa Mhargaíocht ag Paul agus is céimí é de chuid Common Purpose agus de chuid chlár Ceannaireachta Feidhmiúcháin Sinsearaí na Seirbhíse Poiblí (Roffey Park) freisin.



Michelle Noone

Ceannasaí na Straitéise Tallainne Earcaíochta

Michelle Noone

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is í Michelle Ceannasaí na Straitéise Tallainne Earcaíochta in poistphoiblí, agus tá sí freagrach as treoir a thabhairt maidir le agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar ár dtosaíochtaí earcaíochta straitéiseacha. Ina theannta sin, tugann sí treoir maidir le agus déanann sí maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hEarcaíocht d’Fheidhmeannaigh Shinsearacha, le hEarcaíocht do Chomhairligh Leighis, le Cuardach d’Fheidhmeannaigh, agus le hEarcaíocht do Bhoird Stáit, an próiseas ceapacháin do Chathaoirligh agus Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin ar bhoird i ngníomhaireachtaí stáit san áireamh. Sular thosaigh sí linn in 2014, d’oibrigh Michelle i réimse an Chuardaigh d’Fheidhmeannaigh in KPMG, a chuireann seirbhísí earcaíochta ar fáil do chliaint i gCuideachtaí Poiblí Teoranta, i gcuideachtaí Éireannacha agus i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide i dtionscail éagsúla. Chuir sí tús lena gairm i réimse na nAcmhainní Daonna in PricewaterhouseCoopers i bPáras agus in Sydney.

Tá BA san Antraipeolaíocht agus Dioplóma sa Chleachtas Earcaíochta ag Michelle, agus tá Fraincis líofa aici.



Sandra Cairns

Ceannasaí Aimsithe Tallainne don Státseirbhís

Sandra Cairns

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Thosaigh Sandra sa poistphoiblí in 1998 agus tá sí freagrach as dea-chleachtais san earcaíocht a chur chun cinn agus as iarrthóirí den chéad scoth a aithint do róil éagsúla sa státseirbhís. Cinntíonn Sandra go mbaintear ardchaighdeáin soláthair seirbhíse amach, ina gcuirtear na riachtanais a bhíonn ag cliaint agus ag iarrthóirí, a bhíonn ag síorathrú, san áireamh i réimse iomaíoch. Sular thosaigh Sandra linn, d’oibrigh sí sa Roinn Cosanta, sa Roinn Coimirce Sóisialta agus sa Phríomh-Oifig Staidrimh. Tá B.A. aici sa Bhainistíocht Acmhainní Daonna agus Máistreacht san Eolaíocht Eacnamaíochta (Anailís Bheartais) chomh maith.



Catherine Dobbins

Ceannasaí na Seirbhísí Corporáideacha

Catherine Dobbins

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is í Catherine Dobbins, Ceannasaí na Seirbhísí Corparáideacha in poistphoiblí. Tá sí ina státseirbhíseach le fada agus bhí róil éagsúla aici in poistphoiblí le linn na mblianta, i réimse na hearcaíochta agus an roghnaithe agus i réimse na seirbhísí corparáideacha. Tá Catherine freagrach as na réimsí seo a leanas faoi láthair: Daoine agus Cultúr; Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; Comhlíonadh agus Rialachas Faisnéise; agus Caighdeáin agus Rialachas Corparáideacha, agus feidhmíonn sí mar Rúnaí ar Bhord poistphoiblí. Tá Máistreacht sa tSíceolaíocht agus sa Dlí Idirnáisiúnta ag Catherine, mar aon le Teastas iarchéime sa Rialachas Corparáideach.



Aoife Lyons

Ceannasaí na Seirbhísí Measúnaithe agus an Taighde

Aoife Lyons

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is í Aoife Lyons an Síceolaí Sinsearach agus Ceannasaí na Seirbhísí Measúnaithe agus Taighde in poistphoiblí. Mar chuid thábhachtach dá ról, cuireann sí bearta measúnaithe éifeachtacha a chloíonn le dea-chleachtas i bhfeidhm chun na hiarrthóirí is fearr is féidir a roghnú dár gcliaint. Is Síceolaí Cairte Oibre agus Eagraíochta í Aoife, a bhain céim mháistreachta amach in Ollscoil Mhanchain. Chaith Aoife roinnt blianta ag obair i réimse an Chomhairliúcháin le soláthraí Tástálacha Earcaíochta mór sular thosaigh sí in poistphoiblí in 2002 chomh maith.



Rosemarie O'Mahony

Ceannasaí an Athraithe Dhigitigh, na Straitéise agus na Nuálaíochta

rosemarie omahony

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is í Rosemarie Príomhoifigeach Teicneolaíochta poistphoiblí. Tá Rosemarie agus a cuid foirne freagrach as straitéis teicneolaíochta na heagraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ag déanamh maoirseachta ar oibríochtaí teicniúla, agus ag cinntiú go dtacaíonn an t-ollstruchtúr teicneolaíochta lenár gcuspóirí gnó ginearálta. Tá céim onóracha ag Rosemarie san Eolaíocht Ríomhaireachta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, céim mháistreachta sa Bhainistíocht Tionscadail ó Ollscoil Luimnigh, agus tá teastas aici sa Bhainistíocht Acmhainní Daonna, agus is céimí Common Purpose agus Roffey Park í.



Sinead Coleman

Ceannasaí Aimsithe Tallainne don tSeirbhís Phoiblí

sinead coleman

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Tá Sinéad Coleman ina Ceannasaí Aimsithe Tallainne don tSeirbhís Phoiblí ó mhí na Samhna 2022. Sular thosaigh sí sa ról seo, bhí Sinéad ag obair mar Cheannasaí na hEarcaíochta Gairmiúla agus Teicniúla sa poistphoiblí. Chaith Sinéad roinnt blianta ag obair san earnáil phríobháideach chomh maith, ag obair in CPL/Microsoft i ról AD go díreach sular thosaigh sí sa poistphoiblí in 2014. Tá céim ghnó ag Sinéad ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar aon le máistreacht sa bhainistíocht acmhainní daonna ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, COBÁC.



Eimear O'Connor

Ceannasaí na nOibríochtaí Earcaíochta agus an tSoláthair Seirbhísí

eimear oconnor

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Tá Eimear freagrach as oibríochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí earcaíochta sa poistphoiblí a chothabháil agus a bharrfheabhsú. Sular thosaigh sí sa státseirbhís in 2021, d’oibrigh Eimear in eagraíochtaí Leathstáit agus Ollscoile i róil i réimsí éagsúla, m.sh. Oibríochtaí, Saoráidí, AD agus Bainistíocht Athruithe. Tá B.A. sa Bhéarla agus i Sibhialtacht na Gréige agus na Róimhe ag Eimear, mar aon le M.A. sa Léann Meiriceánach ó COBÁC agus chríochnaigh sí MSc san Iompar Oibre agus Eagraíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2019.



Fiona Morgan

Ceannasaí Aonad na nDaoine agus an Chultúir

fiona morgan

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Thosaigh Fiona ag obair sa státseirbhís in 2018 mar Bhainisteoir AD in OOP, sular bhog sí go dtí poistphoiblí in 2023. Mar Cheannasaí Aonad na nDaoine agus an Chultúir, tá Fiona freagrach as cleachtais daoine a chur i bhfeidhm a chabhraíonn leis an eagraíocht stádas a bhaint amach mar Fhostóir de Rogha. Sular thosaigh sí sa Státseirbhís, d’oibrigh Fiona i róil bhainistíochta shinsearacha san earnáil phríobháideach agus in earnáil na nENR. Tá Máistreacht sa Bhainistíocht AD ag Fiona agus tá sí ag tabhairt faoi Dhioplóma Gairmiúil san Iompar Eagraíochta faoi láthair.



Bord poistphoiblí

  • Tom Moran (Cathaoirleach), Iar-Ardrúnaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • Mary Connaughton, Iar-Stiurthóir Feidhmiúcháin, CIPD na hÉireann agus Comhalta CIPD
  • Fiona Quinn, Rúnaí Cúnta, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • Paul Geraghty, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, poistphoiblí
  • Colin Menton, Leas-Rúnaí, An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
  • Anne Marie Hoey, Príomhoifigeach na nDaoine, FSS
  • Yvonne Furey, Rúnaí Cúnta, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • Valerie Lawlor, Comhpháirtí, McCann Fitzgerald
  • Sinéad Burns, Síceolaí Ceirde agus Comhalta CIPD



Ciste Iniúchóireachta poisphoiblí

  • Kevin Smyth (Cathaoirleach), Iar-Rúnaí Cúnta , An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • Noel O’Connell, Iar-Cheannasaí na Seirbhíse um Iniúchadh Rialtais Áitiúil
  • Louise Jevens, Príomhoifigeach Cumarsáide, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • Valerie Bowens, Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách
  • Judith Lawless, Iar-Chomhpháirtí , McCann Fitzgerald
  • Mary Connaughton, Iarstiúrthóir Feidhmiúcháin, CIPD na hÉireann agus Comhalta (Ainmní an Bhoird)