FAIGH EOLAS FAOIN TSEIRBHÍS PHOIBLÍ, AN FOSTÓIR IS MÓ IN ÉIRINN


ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ AGUS DO THREOIRCHOMHAIRLEOIRÍ

Anseo, gheobhaidh tú gach ní atá ag teastáil uait chun tacaíocht a thabhairt do do dhaltaí agus iniúchadh á dhéanamh acu ar an earnáil phoiblí agus ar na gairmeacha a mbeidh siad in ann teacht orthu - agus tá gach ní in aon rannán amháin. Tá neart pointí foghlama ar fáil sa phacáiste acmhainní nua-athchóirithe seo do ranganna Idirbhliana, ATF agus GCAT chun an earnáil phoiblí a shoiléiriú ar bhealach spraíúil, áisiúil agus tarraingteach.


AN CHAOI A N-OIBRÍONN SÉ

Díríonn gach plean ceachta ar thopaic ar leith a bhaineann le gairmeacha san earnáil phoiblí agus tá na nithe seo a leanas san áireamh:

Molann muid do mhúinteoirí úsáid a bhaint as an bplean ceachta dar teideal ‘Buneolas faoin Earnáil Phoiblí’ ar dtús. Ina dhiaidh sin, is féidir leat acmhainní a roghnú agus úsáid a bhaint astu chun freastal ar riachtanais do ranga. Is féidir leat ár dTreoir maidir le hAcmhainní a íoslódáil anseo chun achoimre a fháil ar ábhar na gceachtanna.

Mar chuid de na ceachtanna, beidh an deis agatsa agus ag do dhaltaí scrúdú a dhéanamh ar ghairmeacha éagsúla san earnáil phoiblí ar féidir úsaid a bhaint astu sa Chur i Láthair, comórtas físe iontach, ina gcuireann daltaí gairmeacha san earnáil phoiblí chun cinn mar chonair ghairme shuimiúl, ina bhfuil éagsúlacht, dá bpiaraí, chun dul san iomaíocht chun roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan!

Is féidir gach plean ceachta a íoslódáil thíos.

GRÚPAÍ IDIRBHLIANA

Tuigeann muid go mbeidh spriocanna foghlama agus sprioc-amanna ar leith ag ranganna éagsúla. Maidir le grúpaí Idirbhliana, mholfaimis go mbeadh daltaí in ann úsáid a bhaint as an suíomh seo chun foghlaim faoin earnáil phoiblí ar bhealach féinstiúrtha. D’fhéadfadh daltaí obair a dhéanamh ina n-aonar nó i ngrúpaí chun páirt a ghlacadh sa Chur i Láthair: Comórtas Margaíochta do Scoileanna ansin ionas go mbeidís in ann an méid a d’fhoghlaim siad a léiriú – agus bheadh an deis acu duaiseanna breátha a bhuachan chomh maith!


CLÁRÚ ar ár liostaí seachadta thíos agus faigh an t-eolas is déanaí faoi acmhainní agus faoin gCur i Láthair - Comórtas Fógraíochta PublicJobs.ie do Scoileanna



NA PLEANANNA CEACHTA



BUNEOLAS FAOIN EARNÁIL PHOIBLÍ

Mar achoimre ar an earnáil phoiblí, déanfaidh daltaí scrúdú ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach, ar fho-earnálacha laistigh den earnáil phoiblí, agus ar an gcaoi ar féidir úsáid a bhaint as CareersPortal.ie chun róil san earnáil phoiblí a chuardach.



RÉIMSÍ SPÉISE GAIRME AGUS AN EARNÁIL PHOIBLÍ

Sa cheacht seo, aithneoidh daltaí earnálacha gairme a bhfuil suim acu iontu agus déanfaidh siad nasc idir na hearnálacha sin agus gairmeacha san earnáil phoiblí trí úsáid a bhaint as an bPróifíleoir do Shainspéiseanna Gairme ar CareersPortal.ie.


dhuine ag obair ar ríomhaire glúine le forleagan gorm agus téacs bán agus na focail ‘Ceacht 2’.

EARNÁLACHA GAIRME AGUS AN EARNÁIL PHOIBLÍ

Sa cheacht seo, foghlaimeoidh daltaí faoi réimse earnálacha gairme agus faoin gcaoi a mbaineann siad leis na ranna rialtais agus aithneoidh siad na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir róil san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.




Oifigeach custam agus veist shofheicthe air le forleagan buí/liath agus téacs bán agus na focail ‘Ceacht 4’

CONAIRÍ GAIRME SAN EARNÁIL PHOIBLÍ

Sa cheacht seo, foghlaimeoidh daltaí faoi phointí iontrála do chonairí gairme, na conairí dul chun cinn agus an grádlathas sa státseirbhís, agus déanfaidh siad imscrúdú ar ról san earnáil phoiblí.





pharaimhíochaineoir le forleagan corcra agus téacs bán agus na focail ‘Ceacht 5’

AG BREATHNÚ AR AN DRÉIMIRE GAIRME

Sa cheacht seo, foghlaimeoidh daltaí cad atá i gceist leis an téarma ‘dréimire gairme’ agus déanfaidh siad nasc idir an dréimire gairme agus cáilíochtaí, oiliúint, taithí agus réimsí spéise.






CUIR AITHNE AR ALLAYNE

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.








CUIR AITHNE AR JACOB

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.





CUIR AITHNE AR IMED

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.






CUIR AITHNE AR KATRINA

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.








CUIR AITHNE AR JULIANA

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.






CUIR AITHNE AR VICTORIA

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.




bhean a bhfuil gruaig ghearr chatach uirthi le forleagan gorm agus téacs bán agus na focail ‘Ceacht 6’

CUIR AITHNE AR ADEOLA

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.







CUIR AITHNE AR ALAN

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.






CUIR AITHNE AR NIAMH

Sa cheacht seo, déanfar achoimre ar eolas a clúdaíodh sna ceachtanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as fíorscéal agus pléifidh daltaí físeán ina roinneann fostaí san earnáil phoiblí a scéal leo.






Má tá aiseolas ar bith agat i dtaca leis an gcaoi ar féidir linn ár n-ábhar a fheabhsú, nó má tá ceisteanna agat, seol ríomhphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..



AN CUR I LÁTHAIR: COMÓRTAS MARGAÍOCHTA DO MHEÁNSCOILEANNA

OSCAILT ANOIS!

Nuair atá leibhéal ar leith muiníne ag daltaí i dtaca leis an earnáil phoiblí agus na deiseanna gairme atá ar fáil inti, ba bhreá linn an deis a thabhairt dóibh an méid a d’fhoghlaim siad a chur i bhfeidhm. Comórtas margaíochta spraíúil a bheidh in ‘An Cur i Láthair’, ina mbeidh daltaí in ann leas a bhaint as a gcruthaitheacht agus scileanna atá oiriúnach don 21ú haois a fhoghlaim ag an am céanna. An dúshlán a bheidh roimh dhaltaí sa chomórtas ná go mbeidh orthu físeán a chruthú chun an earnáil a léiriú dá bpiaraí mar chonair ghairme ina bhfuil éagsúlacht le brath. Is féidir le Múinteoirí agus Treoirchomhairleoirí tuilleadh eolais a fháil faoi ‘An Cur i Láthair’ trí chlárú dár liosta seachadta agus coimeádfaimid ar an eolas thú i dtaca le dátaí tábhachtacha agus eolas tábhachtach.


Aiseolas

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait faoinár n-acmhainní. Tabhair aiseolas dúinn faoi na rudaí a bhfuil tú sásta leo nó faoi rudaí sa bhreis ar chóir dúinn cur leis na hacmhainní, dar leat. Is féidir leat aiseolas a sheoladh chugainn trí mheán an ríomphoist, nó más mian leat dul i dteagmháil linn faoin gCur i Láthair, táimid ar fáil ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

  • “Is cultúr na scoile é”

  • “Tá obair iontach i gceist”

  • “Is dócha gur ceannródaithe sibh”

  • “Tá réimse iontach acmhainní ar fáil”

  • “Tá na hacmhainní thar barr”

  • “Is BREÁ liom an méid a sheol sibh”

  • “Tá sé in am tionscadal den chineál seo a chur ar siúl”

  • “Cheap mé go raibh gach rud an-chabhrach”


    CEISTEANNA COITIANTA DO MHÚINTEOIRÍ