Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Thosaigh Elizabeth a gairm sa státseirbhís mar Oifigeach Cléireachais i réimse an éascaithe trádála i Rannóg na gCustam.  Tar éis di leas a bhaint as deiseanna éagsúla forbartha, bronnadh ardú céime uirthi go grád an Oifigigh Feidhmiúcháin (grád maoirseora) in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.   Baineann Elizabeth sult as a bheith ag obair sa státseirbhís toisc go gceapann sí go bhfuil an earnáil dírithe ar theaghlaigh agus go bhfuil a lán tacaíochtaí i bhfeidhm d’fhostaithe maidir leis an bhfolláine.

Inis dúinn faoi do chonair ghairme ó Oifigeacch Cléireachais go dtí an ról ina bhfuil tú faoi láthair

Thosaigh mé ag obair i réimse an éascaithe trádála i Rannóg na gCustam.  Ansin, d’oibrigh mé ar an deasc fáiltithe ag plé leis an bpobal i réimse na n-iompórtálacha agus na n-easpórtálacha.  Bhí cuid mhaith de mo chuid oibre dírithe ar oifig an airgeadais agus ar phionóis a gearradh ar phaisinéirí a phróiseáil.  Fuair mé deis bogadh chuig gné riaracháin an Forfheidhmithe.  Is ansin a fuair mé an deis leas a bhaint as mo scileanna féin agus scileanna nua a fhoghlaim chun go mbeinn in ann dul chun cinn a dhéanamh agus ról níos sinsearaí a fháil.

Cad iad na deiseanna a thug an ról mar Oifigeach Cléireachais ar fáil duit?

Ó thosaigh mé ag obair in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, tugadh a lán deiseanna dom oiliúint a dhéanamh trí One Learning agus táim tar éis freastal ar a lán cúrsaí lae, m.sh. Scileanna Idirbhearaíochta, Scileanna Foirne, Tuairiscí a Scríobh agus Teacht Aniar a Fhorbairt.  Thug sé sin an deis dom scileanna nua a fhoghlaim sa státseirbhís agus chabhraigh sé liom dul chun cinn a dhéanamh i mo ghairm.  Thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim an deis dom modúl a bhí dírithe ar CBL agus ar Chánacha Indíreacha Eile a dhéanamh trí Institiúid Chánach na hÉireann.

An féidir leat labhairt linn faoi bhuaicphointe i do ghairm sa Státseirbhís?

Tríd an oiliúint a cuireadh ar fáil trí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus trí leas a bhaint as an taithí fostaíochta agus oideachas a bhí faighte agam roimhe sin, bronnadh ardú céime orm go grád an Oifigigh Feidhmiúcháin (maoirseoir) laistigh de thrí bliana.

Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?

Sular thosaigh mé sa státseirbhís, d’oibrigh mé i bpost ina raibh an chloíteacht coitianta agus ina raibh sealobair le déanamh.  Shocraigh mé ar ghairm a fhorbairt sa státseirbhís mar gheall gur bhraith mé go raibh cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr i gceist.  Braithim go bhfuil an earnáil dírithe ar theaghlaigh agus tá a lán tacaíochtaí i bhfeidhm d’fhostaithe maidir leis an bhfolláine.

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Chléireachais?

Mholfainn gairm sa státseirbhís d’einne.  Tá a lán buntáistí ag baint léi, go háirithe maidir leoiliúint agus dul chun cinn.  Táim in ann cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir mo chuid oibre agus mo shaol pearsanta agus táim in ann am luachmhar a chaitheamh le mo theaghlach.