Fógra faoi sceamáil ar WhatsApp atá dírithe ar publicjobs.ie Faigh tuilleadh eolais

Tá Milan ina Oifigeach Cléireachais in aonad an Chláir Faoisimh Sannaí Speisialta (SARP) in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.  Labhraíonn sé linn faoi na nithe atá i gceist ina ról, na deiseanna soghluaiseachta a thapaigh sé, agus na cláir iontacha foghlama agus forbartha ar bhain sé leas astu le linn a ghairme sa státseirbhís go dtí seo.  Tugann sé comhairle iontach chomh maith maidir le hiarratas a chur isteach ar ról mar Oifigeach Cléireachais.  

Inis dúinn faoi do ról mar Oifigeach Cléireachais

Táim freagrach as glacadh le, as measúnú a dhéanamh ar iarratais SARP agus as iad a phróiseáil in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.  Is é an rud atá i gceist ná faoiseamh speisialta ó cháin ioncaim do dhaoine áirithe atá ceaptha chun a bheith ag obair in Éirinn agus iad thar lear.  Ina theannta sin, déanaim aisíocaíochtaí SARP a phróiseáil, téim i dteagmháil le custaiméirí agus cinntím go bhfuil taifid cothrom le dáta.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit go dtí seo?

Ó thosaigh mé ag obair in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, tá deiseanna iontacha foghlama agus forbartha curtha ar fáil dom, agus thug siad léargas dom ar réimsí oibre eile.  Bhí sé sin an-úsáideach, go háirithe nuair a bhí an deis agam bogadh chuig an Rannóg ÍMAT ar Shráid Uí Chonaill.   D’éirigh liom, ansin, agus tacaíocht á fáil agam ó chomhghleacaithe, scileanna nua a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm agus mé ag déileáil go díreach le custaiméirí ar an Líne Chabhrach Náisiúnta agus ag baint úsaid as Córais ar Líne na hOifige chun teagmháil a dhéanamh le daoine.  Chaith mé bliain go leith ansin agus, ina dhiaidh sin, tugadh deis dom obair a dhéanamh ar SARP san aonad ina bhfuilim fostaithe faoi láthair.

Cén fáth ar roghnaigh tú gairm san Earnáil Phoiblí?

Roghnaigh mé gairm san earnáil phoiblí go príomha mar gheall ar an gcothromaíocht saoil agus oibre mhaith, na huaireanta oibre solúbtha agus na deiseanna atá ann dul chun cinn a dhéanamh agus scileanna nua a fhorbairt.

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ról an Oifigigh Chléireachais?

Is gairm í seo inar féidir leat bualadh le comhghleacaithe iontacha nua agus eolas agus scileanna nua a fhoghlaim.  Tugtar a lán deiseanna ar fáil duit agus tá fáilte roimh gach duine agus glactar leo.

Má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas d’Oifigigh Chléireachais, mholfainn duit a bheith foighneach, dírithe agus seasmhach, ach, níos tábháchtaí má aon rud eile, caithfidh tú an chéad chéim a ghlacadh.

Lean ort agus cuir iarratas isteach!