Oibríonn Con sa Rannóg um Thimpeallacht Ar Muir agus um Fhuinneamh don Todhchaí sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi láthair agus labhraíonn siad linn faoi na deiseanna iontacha a chuir an ról seo ar fáil dóibh, lena n-áirítear an deis a bheith i láthair ag cruinnithe sa Bhruiséil.
Inis dúinn faoi do ról.
Thosaigh mé ag obair sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide in 2023, i ndiaidh dom taithí bhliana a fháil i ról eile sa státseirbhís. Táim ag obair sa Rannóg um Thimpeallacht Ar Muir agus um Fhuinneamh don Todhchaí sa Roinn faoi láthair.
Tá an obair atá á déanamh agam ó thosaigh mé sa Roinn dírithe go príomha ar an bPlean Fuinnimh agus Aeráide Náisiúnta. Is tioncadal mór, dúshlánach é seo as a bhfuil sásamh le baint, agus fuair mé deis obair a dhéanamh le comhghleacaithe laistigh den Roinn agus i ranna rialtais agus in eagraíochtaí eile, chun tuairisc ina ndéantar achoimre ar pholasaithe agus dhul chun cinn na hÉireann maidir leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh Eorpach: dícharbónú, éifeachtacht fuinnimh, seasmhacht fuinnimh, an margadh fuinnimh inmheánach, agus taighde, nuálaíocht agus iomaíocht.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?
Bhain mé BA amach san Eacnamaíocht, sa Pholaitíocht agus sa Dlí ó DCU, clár ina leagtar béim mhór ar an mbeartas poiblí agus ceapaim go raibh an clár seo an-oiriúnach do ghairm sa státseirbhís. Bhí fonn orm gairm a bhaint amach sa státseirbhís toisc gur bhain mé MSc amach san Athrú Sóisialta Comparáideach i gCOBÁC, a chuir go mór leis an tuiscint a bhí agam ar ról na seirbhíse poiblí sa tsochaí i gcoitinne.
Is maith liom luachanna na státseirbhíse - macántacht, ionracas agus béim a leagan ar leas an tsaoránaigh nuair atá cinntí a ndéanamh - mar go dtagann siad le mo chuid luachanna féin, agus bhí sé éasca orm a shocrú gur chóir dom iarratas a chur isteach dá bharr.
Cad í an ghné is luachmhaire de do phost, dar leat?
Is maith liom an chaoi a gcuireann mo chuid oibre agus obair mo chomhghleacaithe sa Roinn le todhchaí níos fearr a chruthú d’Éirinn. Mar thír, is féidir le hÉirinn a bheith mar cheannaire domhanda i réimsí éagsúla, m.sh. fuinneamh gaoithe a chruthú ar muir, agus is tréimhse iontach í seo chun a bheith ag obair ar fhoireann agus i roinn a bhfuil ról fíorthábhachtach acu maidir leis an bhfís sin a bhaint amach.
Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?
Maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an bpost seo, tá uaireanta oibre solúbtha agus obair hibrideach i gceist, a ligeann dom cothromaíocht mhaith oibre agus saoil a bhaint amach, rud nach bhfuil ar fáil i ngach gairm. Ina theannta sin, tugtar tacaíochtaí ar fáil go rialta chun cur leis an tuiscint atá agat ar cheisteanna atá tábhachtach i do ról: an deis freastal ar chúrsaí, sheimineáir agus chomhdhálacha a chuireann le d’eolas agus a thugann an deis duit do ról a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr dá bharr.
Toisc gur thosaigh mé sa ról le cúlra acadúil nár bhain go díreach leis an réimse ar a bhfuilim ag díriú faoi láthair, chabhraigh na hacmhainní a cuireadh ar fáil dom ó thosaigh mé sa phost go mór liom dul i dtaithí ar an obair agus cur le hobair na foirne.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Tríd an Roinn, bhí an deis agam tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá roimh an tír i dtaca le beartas poiblí, agus ar an ról fíorthábhachtach atá ag an tseirbhís phoiblí i dtaca le dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealach gníomhach.
Bhí sé de phribhléid agam freastal ar chomhdhálacha, chruinnithe agus sheimineáir ag a roinneann saineolaithe ó gach earnáil sa tsochaí a gcuid smaointe, a gcúiseanna imní agus a gcuid moltaí i dtaca le gach gné den fhuinneamh agus de chúrsaí aeráide. Bhí an deis agam chomh maith freastal ar chruinnithe sa Bhruiséil le comheagraíochtaí agus comhghleacaithe ó thíortha Eorpacha eile, agus a lán nithe a fhoghlaim óna gcuid eolais agus saineolais.
Thug an ról an deis dom obair a dhéanamh mar bhall d’fhoireann iontach atá eolach agus a bhfuil suim mhór acu ina réimsí saineolais, agus, ag an am céanna, a bheith ag obair i dtimpeallacht ina spreagtar agus ina gcuirtear tionscnaíocht agus acmhainneacht chun cinn.
Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?
Is maith liom an éagsúlacht atá le brath i mo ról. Ní bhíonn aon lá leadránach; ní mar a chéile aon dá lá. Agus mé ag obair ar thionscadal mór amháin ar feadh roinnt seachtainí nó míonna, tagann deiseanna chun cinn gach lá freastal ar sheimineáir nó chomhdhálacha le comhghleacaithe bunaithe ar ábhair éagsúla. Is minic a bhíonn saineolaithe ó réimsí acadúla eile nó ón tionscal príobháideach ann chun cainteanna a thabhairt faoina réimsí spéise féin, a ligeann dúinn tuilleadh eolais a fháil agus tuiscint a fháil ar na tuairimí a bhíonn ag daoine eile.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?
Mholfainn, cinnte! Má tá fonn ort gairm a bhaint amach inar féidir leat cur go dearfach leis an tsochaí, agus, ag an am céanna, leas a bhaint as éagsúlacht agus solúbthacht i d’obair laethúil, d’oirfeadh gairm sa tseirbhís phoiblí duit.
Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?
Bíonn sé an-deacair conair ghairme a roghnú, ach is iad na céimeanna tosaigh na céimeanna is deacra. Cuireann gairm sa tseirbhís phoiblí deiseanna iontacha ar fáil agus céim fhiúntach a bheadh i gceist d’éinne a bhfuil suim acu i ngairm den chineál seo.