Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe – Seirbhís Aistriúcháin
Iarratas A Dhéanamh Anois!An Ról
Beidh an BSM atá freagrach as an tSeirbhís Aistriúcháin ag obair faoi Cheannasaí Cúnta i Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe agus cinnteoidh an ceapaí go gcuirtear leaganacha Gaeilge ardchaighdeáin d’ábhair scrúdaithe agus de cháipéisí ábhartha eile ar fáil.
Beidh na Príomhdhualgais agus na Príomhfhreagrachtaí seo a leanas i gceist sa Ról:
- A bheith freagrach as Seirbhís Aistriúcháin Choimisiún na Scrúduithe Stáit a bhainistiú agus a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh ar obair na Seirbhíse Aistriúcháin agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le gach ceist a bhaineann leis an tSeirbhís Aistriúcháin;
- Comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le baill foirne ar conradh a bhíonn i mbun aistriúcháin/eagarthóireachta a cheapadh, oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne den chineál sin seo, comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hobair aistriúcháin/eagarthóireachta a thabhairt do bhaill foirne den chineál seo, monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na mball foirne seo (caighdeán na hoibre san áireamh) agus comhairle a thabhairt maidir le baill foirne ar conradh a athcheapadh;
- Comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hoiriúnacht soláthraithe seirbhísí aistriúcháin mar chuid den phróiseas soláthair, comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hobair aistriúcháin/eagarthóireachta a thabhairt do sholáthraithe dá leithéid agus a gcuid oibre a mheas (lena n-áirítear cruinneas, cloí le teorainneacha ama agus caighdeán na hoibre);
- Seirbhísí aistriúcháin agus eagarthóireachta a chur ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear leaganacha Gaeilge de pháipéir scrúdaithe, scéimeanna marcála, cáipéisí corparáideacha agus riaracháin, ciorcláin agus comhfhreagras, de réir mar is gá;
- Bainistíocht a dhéanamh ar fheidhmíocht i dtaca le baill foirne ar leith ar conradh, lena n-áirítear a riachtanais oiliúna, de réir mar is gá;
- Córas um rialú cáilíochta a bhainistiú agus a fhorbairt do gach gné de riachtanais aistriúcháin agus eagarthóireachta an Choimisiúin;
- Comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do chliaint/do chomhpháirtithe inmheánacha agus seachtracha de réir fhorálacha Acht na Teangacha Oifigiúla 2003 agus comhairle a thabhairt maidir le freastal ar riachtanais oiliúna agus scileanna bhaill foirne an Choimisiúin dtaca le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.
- Teagmháil dhéanamh le comhpháirtithe ábhartha agus gníomhaireachtaí seachtracha;
- Teagmháil a dhéanamh leis an lucht bainistíochta agus le baill foirne i scoileanna de réir mar is gá;
- Caighdeán agus reáchtáil éifeachtach na scrúduithe stáit a chinntiú;
- Ionadaíocht a dhéanamh do CnaSS ag fóraim náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe
Is í Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe an Rannóg ghairmiúil i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit atá freagrach as caighdeáin agus reáchtáil éifeachtach scrúduithe an Choimisiúin a chinntiú. Tá sé riachtanach a chinntiú go bhfuil na caighdeáin chéanna i bhfeidhm i ngach ábhar ó bhliain go bliain agus a chinntiú go bhfuil gach rud de réir riachtanais agus nósanna an Choimisiúin. Ní mór a chinntiú go gcuirtear gach gné reachtaíochta san áireamh, m.sh. reachtaíocht maidir leis an gcomhionannas, reachtaíocht in aghaidh an idirdhealaithe, reachtaíocht maidir le hoideachas speisialta srl. Tá Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe freagrach as taighde agus forbairt san eagraíocht chomh maith.
Tá Ceannasaí Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe (leibhéal an Leas-Phríomhchigire), ceathrar Ceannasaithe Cúnta (leibhéal an Phríomhchigire Chúnta) agus thart ar 50 Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe i Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe.
Riachtanais Iontrála
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ag iarrthóirí Déardaoin an 11 Meitheamh 2026 nó roimhe sin:
- (i) Céim ag Leibhéal 8, ar a laghad, ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí (céim onóracha den chéad nó den dara grád, ar a laghad) (nó cáilíocht ar aon chéim leis seo ar Chreat NARIC um Cháilíochtaí Iasachta in Éirinn) ina ndearnadh an Ghaeilge agus/nó an t-aistriúchán (aistriú go Gaeilge) mar mhórábhar;
- AGUS
- (ii) Taithí ábhartha iarcháilíochta trí bliana, ar a laghad, ar an aistriúchán/eagarthóireacht Ghaeilge.
- Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann na nithe seo a leanas a léiriú chomh maith:
- (iii) Scileanna labhartha agus scríofa den chéad scoth sa Ghaeilge, lena n-áirítear eolas cuimsitheach ar chanúintí, ar stór focal, ar théarmaíocht ar ghramadach na teanga agus ar ‘An Caighdeán Oifigiúil’
- (iv) Scileanna cumarsáide den chéad scoth sa Bhéarla, lena n-áirítear eolas cuimsitheach ar an teanga agus ar shainréimeanna agus ar réimsí na teanga
- (v) Scileanna aistriúcháin den chéad scoth, go háirithe maidir le hábhar a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge
- (vi) Cumas eagarthóireachta agus profála den chéad scoth
- (vii) Scileanna den chéad scoth maidir le hathbhreithniú agus maidir le heagarthóireacht a dhéanamh ar an obair a dhéanann aistritheoirí/eagarthóirí eile
- (viii) Eolas agus tuiscint mhaith ar an gcóras iarbhunoideachais in Éirinn, lena n-áirítear tuiscint den chéad scoth ar an gcomhthéacs teangeolaíochta i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna
- (ix) Scileanna idirphearsanta den chéad scoth
- (x) Scileanna próiseála focal agus scileanna TF ginearálta den chéad scoth
- (xi) An cumas, an t-eolas agus na scileanna riachtanacha (lena n-áirítear eolas ar an reachtaíocht ábhartha agus ar an gCóras Oideachais in Éirinn) agus a bheith oiriúnach chun dualgais an phoist a chomhlíonadh
- (xii) Díograis leanúnach maidir le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL)