Príomhoifigeach Cúnta
Ag Ullmhú
Don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha,
Nuálaíocht & Uasoiliúint
don Todhchaí
Straitéis, Athruithe
& Athchóiriú
Treoir a
Thabhairt &
Cumhacht a Thabhairt
Treoir a Thabhairt,
Daoine a Spreagadh &
Forbairt a Dhéanamh
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais
a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas
a Thabhairt &
Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
& Tionchar
a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú


Ag Ullmhú
Don
Todhchaí
Béim ar Chúrsaí
Digiteacha, Nuálaíocht &
Uasoiliúint don Todhchaí
Treoir a Thabhairt
agus Cumhacht
a Thabhairt
Treoir a Thabhairt
& Daoine
a Spreagadh agus Forbairt a Dhéanamh
Straitéis, Athruithe
& Athchóiriú
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta


Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise




Soláthar atá
Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a
Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
&
Tionchar a Imirt
Teagmháil agus
Comhoibriú
Ag Ullmhú Don Todhchaí
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn glacadh le hathruithe agus le nuálaíocht. Déanaimid ár ndícheall straitéis ionchuimsitheach atá dírithe ar an gcustaiméir a chruthú, ina bhfuil fís a chuireann athruithe comhshaoil, sóisialta agus teicneolaíochta san áireamh. Trí chur chuige solúbtha ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh a chur i bhfeidhm, cuirfimid uasoiliúint ar fáil agus athróimid agus cuirfimid feabhas ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.
Béim ar Chúrsaí Digiteacha, Nuálaíocht & Uasoiliúint don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha
- Cuireann an duine an clár ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh chun cinn, agus cinntíonn siad go ndéantar iniúchadh ar agus go mbaintear úsaid as uirlisí digiteacha agus réitigh TF
Nuálaíocht & Feabhsú Leanúnach
- Cuireann an duine an clár ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh chun cinn, agus cinntíonn siad go ndéantar iniúchadh ar agus go mbaintear úsaid as uirlisí digiteacha agus réitigh TF
Uasoiliúint don Todhchaí
- Tá an duine díograiseach maidir lena gcuid eolais agus scileanna féin a fhorbairt don todhchaí
- Lorgaíonn an duine deiseanna forbartha ar bhealach gníomhach agus déanann siad machnamh ar thaithí foghlama go rialta, agus tuigeann siad a mbuanna agus a laigí féin
- Tuigeann an duine na rudaí ar chóir don fhoireann a dhéanamh, chun ullmhacht don todhchaí agus scileanna a fhorbairt

Príomhscileanna Samplacha
- Nuálaíocht
- Scileanna TF agus Digiteacha
- Foghlaim Leanúnach
- Smaointeoireacht bunaithe ar chórais
- Leasú Próiseas
- Réamhaisnéisiú don Todhchaí
Straitéis, Athruithe & Athchóiriú
Cumas Straitéiseach & Béim ar an Todhchaí
- Cuireann an duine go gníomhach le forbairt agus measúnú ar phleananna straitéiseacha agus díríonn siad ar na spriocanna gearrthéarmacha, meánthéarmacha agus fadtéarmacha
- Tacaíonn an duine le forbairt bheartas, straitéis agus spriocanna ginearálta na hEagraíochta/na Roinne
Tuiscint ar Chomhthéacs & Solúbthacht
- Tá tuiscint mhaith ag an duine ar Pholasaithe Státseirbhíse níos ginearálta agus ar fhorbairtí cuí san Earnáil Phoiblí agus san Earnáil Phríobháideach
- Léiríonn an duine tuiscint ar chúinsí, thimpeallacht agus chomhthéacs a bhíonn ag athrú, agus bíonn siad in ann dul i ngleic leo ar bhealach solúbtha de réir mar is gá
Tacú le hAthruithe & le hAthchóiriú
- Tugann an duine treoir agus tacaíocht do dhaoine eile trí athruithe, cuireann siad béim ar na buntáistí agus téann siad i ngleic le ceannairceacht, le ceisteanna agus le haiseolas
- Tacaíonn an duine leis an gclár athruithe agus athchóirithe trí mholtaí a dhéanamh, athruithe a aontaíodh a chur i bhfeidhm agus béim a leagan ar an bhfeabhsú

Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht a dhéanamh ar agus tacú le hAthruithe
- Beartas agus Straitéis a Fhorbairt
- Spriocanna a Leagan Amach
- Straitéis a Chur i bhFeidhm
- Smaointeoireacht Straitéiseach
Soláthar atá Bunaithe ar Fhianaise
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn cinntí eolacha atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, spriocanna a chur in ord tosaíochta agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní, trí úsáid a bhaint as eolas cuí chun torthaí a mheas chun na torthaí is fearr a chinntiú do na daoine ar a bhfreastalaímid.
Barr Feabhais a Sholáthar
Obair & Acmhainní a Bhainistiú
- Déanann an duine bainistíocht ar chlár oibre, glacann siad freagracht as a dtionscadail féin agus déanann siad maoirseacht ar obair na foirne
- Déanann an duine pleanáil éifeachtach agus cuireann siad tascanna in ord tosaíochta chun dul i ngleic le héilimh chomhsháraitheacha agus le hacmhainní srianta, agus cinntíonn siad go mbaintear torthaí amach
- Déanann an duine acmhainní a mheas, a bhainistiú agus a thabhairt amach ar bhealach éifeachtach
Tiomantas do Thorthaí den Scoth
- Leagann an duine caighdeáin arda agus spriocanna amach dóibh féin agus do dhaoine eile agus déanann siad a ndícheall chun iad a bhaint amach
- Cuireann an duine barr feabhais i dtaca le seirbhís do chustaimeirí/taithí an chustaiméara chun cinn agus cuireann siad an tábhacht a bhaineann leis seo ina luí ar dhaoine eile
- Déanann an duine monatóireacht ar éifeachtacht agus luach ar airgead agus cloíonn siad le riachtanais rialála corparáidí
Foghlaim, Freagairt, Measúnú & Feabhsú
- Faigheann an duine tuiscint ar thascanna/róil nua go sciobtha, faigheann siad tuiscint ar riachtanais, eolas cuí agus íogaireacht
- Tá an duine solúbtha agus acmhainneach agus iad ag dul i ngleic le deacrachtaí agus le héilimh nua
- Lorgaíonn an duine aiseolas agus déanann siad measúnú ar thorthaí i gcomparáid le torthaí a bhí ag teastáil, foghlaimíonn siad ón méid a dhéanann siad ar bhealach freagrúil agus cuireann siad feabhas ar mhodhanna/phróisis

Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Tionscadal
- Bainistíocht Riosca
- Acmhainní a thabhairt amach
- Measúnú ar Thionscadail
- Anailís Chostais is Tairbhe
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Anailís & Measúnú a dhéanamh ar Eolas
- Is féidir leis an duine sonraí a bhailiú agus anailís agus measúnú criticiúil a dhéanamh orthu go sciobtha, chun eolas tábhachtach a aithint
- Cinntíonn an duine go mbailítear sonraí, go ndéantar anailís orthu agus go mbaintear úsáid astu go rialta chun tacú le hobair agus chun cinntí éifeachtacha a éascú
- Déanann an duine anailís agus measúnú ar eolas casta ó bhéal agus eolas casta uimhriúil ar bhealach cuí agus pras
Ceisteanna & Castacht a Bhainistiú
- Déanann an duine bainistíocht ar fhadhbanna agus réitíonn siad fadhbanna ar bhealach eolach, loighciúil agus stuama, lorgaíonn siad eolas breise agus tuairimí de réir mar is gá
- Téann an duine i ngleic le cásanna deacra, éiginnte agus le ceisteanna a thagann chun cinn go sciobtha, agus socraíonn siad an cur chuige is fearr go sciobtha
Breithiúnas Eolach a Thabhairt & Cinntí Eolacha a Dhéanamh
- Tugann an duine breithiúnas cothrom agus déanann siad cinntí cothroma, baineann siad úsáid as fianaise, taithí agus polasaithe/nósanna imeachta cuí mar aon le ceisteanna/híogaireacht chomhthéacsúil
- Déanann an duine cinntí tábhachtacha, práinneacha nó deacra ar bhealach cuí, pras agus eiticiúil, cuireann siad na himpleachtaí/an tionchar ginearálta san áireamh agus roinneann siad an réasúnaíocht taobh thiar de na cinntí a dhéanann siad

Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna Taighde Criticiúla
- Bainistíocht Sonraí agus Samhlúchán
- Anailísíocht Sonraí
- Smaointeoireacht Chriticiúil
Treoir a Thabhairt agus Cumhacht a Thabhairt
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn treoir a thabhairt inár réimsí saineolais, daoine eile a spreagadh agus fís shoiléir a chruthú Táimid tiomanta d’fhorbairt a dhéanamh ar, do thacaíocht agus do chumhacht a thabhairt dár gcomhghleacaithe chun gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach agus chun timpeallacht oibre dhearfach agus ionchuimsitheach a chruthú, ina bhfuil obair gach duine luachmhar.
Treoir a Thabhairt, Daoine a Spreagadh & Forbairt a Dhéanamh
Feidhmíocht a Fhorbairt, a Spreagadh & Tacú Léi
- Cinntíonn siad go bhfaigheann a bhfoireann deiseanna forbartha, tugann siad tascanna/tionscadail amach ar bhealach straitéiseach agus cuireann siad buanna agus riachtanais forbartha san áireamh
- Tacaíonn an duine le hardfheidhmíocht agus spreagann siad ardfheidhmíocht trí aitheantas, threoir, oiliúint agus aiseolas rialta a chur ar fáil
- Baineann an duine úsáid as teicnící bainistíochta feidhmíochta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cuireann siad na teicnící seo chun tosaigh
Fís, Cuspóir & Inchreidteacht
- Cruthaíonn an duine fís agus spriocanna soiléire agus cuireann siad an fhís agus na spriocanna seo in iúl
- Léironn an duine inchreidteacht, díograis agus tiomantas ina gcuid oibre agus cuireann siad an cuspóir agus an tionchar ginearálta i gcuimhne don fhoireann
- Tugann an duine treoir ar bhealach ionraic, macánta, trédhearcach agus freagrach
Cumhacht a Thabhairt, Sábháilteacht Shíceolaíoch & Cuimsiú
- Cruthaíonn an duine timpeallacht foirne atá ionchuimsitheach, sábháilte ó thaobh na síceolaíochta de agus oscailte
- Tugann an duine cumhacht dá bhfoireann trí neamhspleáchas, iontaoibh agus cumarsáid mhacánta a chothú
- Mar cheannaire, cuireann an duine comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn, cuireann siad bearta fiúntacha i bhfeidhm trí obair a nEagraíochta/Roinne agus trí thacú le lucht saothair ina bhfuil éagsúlacht le brath
Éirim Shóisialta & Mhothúchánach
- Tugann an duine tús áite dá bhfolláine féin agus d’fholláine dhaoine eile ar bhealach oscailte, cuireann siad cultúr ina bhfuil an tacaíocht, an chomhbhá agus an tuiscint chun tosaigh
- Léiríonn an duine féinthuiscint agus an cumas a gcuid mothúchán agus iompair féin a bhainistiú, go háirithe i gcásanna dúshlánacha

Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Feidhmíochta
- Oiliúint agus Aiseolas
- Coimhlint a Bhainistiú
- Foirne ó chian/cumaisc a bhainistiú
Treoir a thabhairt trí Thuiscint Speisialtachta
Cuir le hObair trí Shaineolas
- Léiríonn an duine ardleibhéal saineolais speisialtachta agus eolais ina réimse
- Cuireann an duine le hobair na hEagraíochta/na Roinne trí úsáid a bhaint as a saineolas speisialtachta chun freastal ar riachtanais ghnó agus cur le beartas nó straitéis níos ginearálta
Treoir a Thabhairt & Abhcóideacht a Dhéanamh
- Tugann an duine treoir trí thuiscintí, eolas, fhianaise agus réasúnaíocht a roinnt ar bhealach oscailte agus neamhtheicniúil
- Cuireann an duine luach a réimse/saineolais chun cinn agus míníonn siad an luach seo agus an fáth a bhfuil sé riachtanach tús áite a thabhairt don réimse
- Feidhmíonn an duine mar Cheannaire Smaointeoireachta nó mar Shaineolaí ina réimse saineolais, tugann siad treoir, cuireann siad eolas agus ceannaireacht ar fáil
Gréasáin, Eolas & Tuiscint a Chothú
- Faigheann an duine tuiscint agus forbraíonn siad saineolas trí theagmháil a dhéanamh le saineolaithe inmheánacha, seachtracha agus le comhghleacaithe
- Déanann an duine ionadaíocht don Eagraíocht/Roinn ag eachtraí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, ar bhealach gairmiúil agus tuisceanach
- Tá an duine tiomanta don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach, glacann siad páirt ghníomhach i gcúrsaí, i gcomhdhálacha agus i ngníomhaíochtaí cuí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid eolais cothrom le dáta

Príomhscileanna Samplacha
- Sainscileanna ina réimse saineolais féin
- Taighde
- Líonrú
Cumarsáid agus Comhoibriú
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn oibriú le chéile, caidrimh a chothú agus comhoibriú le chéile chun cur chuige cuimsitheach Rialtais a éascú. Má dhéanaimid teagmháil agus cumarsáid éifeachtach lenár gcustaiméirí, gcliaint agus gcomhghleacaithe, forbrófar an mhuinín atá acu as ár seirbhísí.
Cumarsáid a Dhéanamh & Tionchar a Imirt
Cumarsáid Éifeachtach a Dhéanamh & Éisteacht chun teacht ar Thuiscint
- Déanann an duine cumarsáid agus cuireann siad eolas i láthair ar bhealach soiléir, gairmiúil, mealltach agus éifeachtach i dtaca le cumarsáid ó bhéal, cumarsáid dhigiteach agus i gcumarsáid scríofa
- Léiríonn an duine tuiscint ar a modh cumarsáide féin, agus athraíonn siad a stíl de réir mar is cuí chun freastal ar an lucht éisteachta
- Tuigeann an duine tábhacht na héagsúlachta agus déanann siad iarracht ghníomhach daoine éagsúla a spreagadh chun a bheith páirteach, chun dúshláin agus tuairimí éagsúla a chur san áireamh
Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt & Scileanna Idirbheartaíochta
- Imríonn an duine tionchar ar dhaoine eile ar bhealach tuisceanach agus bíonn siad sásta comhréiteach a dhéanamh nuair is gá
- Forbraíonn an duine tuiscint ar an gcomhthéacs, ar íogaireacht agus ar thuairimí éagsúla, agus páirt á glacadh acu i bplé/idirbheartaíocht
- Téann an duine i ngleic le comhráite deacra, coimhlintí nó hidirbheartaíocht le meas, tuiscint, stuaim agus féinmhuinín

Príomhscileanna Samplacha
- Teangacha eile – m.sh., an Ghaeilge
- Scileanna Scríofa
- Eolas a chur i Láthair
- Éisteacht ghníomhach
- Scileanna Éascaithe agus Cathaoirleachta
- Tionchar a Imirt agus Scéalta a Insint
Teagmháil & Comhoibriú
Caidrimh a Fhorbairt & Teagmháil le Páirtithe Leasmhara
- Baineann an duine úsáid as scileanna idirphearsanta chun dea-chaidrimh oibre a fhorbairt agus a choinneáil laistigh agus lasmuigh dá réimse féin, dá bhfoireann féin agus den Roinn/Eagraíocht
- Déanann an duine teagmháil agus comhairliúcháin rialta le páirtithe leasmhara cuí, déanann siad bainistíocht ar na nithe a bhfuil daoine ag súil leo agus tugann siad an t-eolas is déanaí ar bhealach géarchúiseach agus oscailte
Comhoibriú, Comhairliúchán & Obair Trasfheidhme
- Baineann an duine an leas is fearr as deiseanna comhoibrithe trí na ceisteanna cearta a chur, trí thacaíocht a chur ar fáil, trí bheith gníomhach agus trí thuairimí a bhíonn ag daoine eile a thuiscint
- Spreagann an duine daoine eile chun páirt a ghlacadh agus téann siad i gcomhairle leo ar bhealach gníomhach, i dtaca le socruithe san ionad oibre, m.sh. socruithe ó chian, socruithe hibrideach/cumaisc nó socruithe oifige

Príomhscileanna Samplacha
- Comhoibriú
- Obair Trasfheidhme
- Líonrú
- Caidrimh a Fhorbairt agus Scileanna Idirphearsanta
- Tuiscint Shóisialta
Eolas Breise
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí an leathanach ar a bhfuil comhairle faoi agallamh.
Chun an Córas Inniúlachta (leagan PDF nó leagan gnáth-théacs inrochtana) a íoslódail,
cliceáil ar an gcnaipe cuí thíos:
Córais Inniúlachta do phríomhghráid sa Státseirbhís
Roghnaigh grád thíos chun tuilleadh eolais a fháil