Oifigeach Cléireachais, Baile Átha Cliath 2023

Faoin Ról

Oibríonn Oifigigh Chléireachais i ngach roinn agus gníomhaireacht Rialtais, agus cuireann siad go mór le foirne trí réimse de dhualgais oifige ghinearálta a chomhlíonadh. Tugann Oifigigh Chléireachais tacaíocht d’fhoirne a oibríonn i réimsí gnó, m.sh. seirbhís do chustaiméirí, cúrsaí airgeadais, AD, margaíocht, TF, earcaíocht, beartas, cumarsáid agus riarachán agus roinnt réimsí eile.

Teastaíonn caighdeán maith oideachais ó Oifigigh Chléireachais chomh maith le dearcadh atá dírithe ar an gcustaiméir. Tá deiseanna ardaithe céime ar fáil d’Oifigigh Chléireachais nuair a dheimhnítear i bpost buan iad tar éis dóibh an tréimhse phromhaidh a chomhlíonadh.

Dualgais an róil

  • Obair riaracháin agus chléireachais ghinearálta.
  • Oibriú mar bhall d’fhoireann chun seirbhísí poiblí tábhachtacha a chur ar fáil.
  • Oibirú leis an teicneolaíocht is déanaí chun seirbhísí a thaifeadadh agus a fhorbairt.
  • Taifid ar ardchaighdeán a choinneáil ar bhealach cúramach agus eagraithe.
  • Tacaíocht a thabhairt do bhainisteoirí líne agus do chomhghleacaithe maidir le tionscadail agus tionscnaimh.
  • Scrúdú a dhéanamh ar gach cineál oibre chun a chinntiú go ndéantar é ar ardchaighdeán.
  • Cumarsáid a dhéanamh le agus seirbhís phoiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal/do chustaiméirí.
Tuarastal:  Ag tosú ar €27,037.92

Saoire Bhliantúil: 22 Lá

Ionaid:  Baile Átha Cliath

Dáta Oscailte:  21/07/2023

Dáta Dúnta:  3i.n. ar an 8/08/2023

Cáilitheacht

Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu ar an dáta dúnta, an 8 Lúnasa 2023:

a. An t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí chun an ról a chomhlíonadh;

b. scileanna agus taithí chuí i réimse na TFC, m.sh. cumas i dtaca le Word, Excel, córais ríomphoist srl.,

c. eolas ábhartha agus scileanna chun dualgais an phoist a chomhlíonadh, lena n-áirítear an cumas:

  • treoracha a ghlacadh / treoracha a leanúint;
  • obair a eagrú agus a chur in ord tosaíochta go héifeachtach;
  • oibriú go héifeachtach leis an bpobal agus le comhghleacaithe;
  • a bheith solúbtha ó thaobh oibre de;
  • a bheith in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh go soiléir agus go gonta;

d. a bheith 17 mbliana d’aois, ar a laghad, ar an nó roimh an dáta dúnta, an 8 Lúnasa 2023;

e. riachtanais maidir le Saoránacht, Sláinte & Dea-Cháil, Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus hImréiteach Slándála agus Seiceálacha Teistiméireachtaí a chomhlíonadh

f. A chinntiú go gcomhlíonann tú na critéir i dtaca le Scéimeanna Iomarcaíochta / Scoir de bharr Drochshláinte de chuid na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí


Cóiríocht Réasúnta

Tá sé mar aidhm againn cóiríocht réasúnta chuí a chur ar fáil duit sa phróiseas roghnaithe chun an deis is fearr a thabhairt duit feidhmiú chomh maith agus atá ar do chumas sa phróiseas iarratais, tástála agus agallaimh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcóiríocht réasúnta, féach ar an leathanach seo a leanas  Ár bPróisis Earcaíochta.

Chun comhairle a fháil faoi staideanna iarratais, tástála agus agallaimh, téigh chuig an leathanach seo a leanas Próiseas Iarratais do Chóiríocht Réasúnta.


Cuir aithne ar chuid dár nOifigigh Chléireachais

Cuir aithne ar na daoine a oibríonn i státseirbhís na hÉireann agus a chuireann seirbhísí tábhachtacha ar fáil do mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Cuireann cuid mhaith acu tús lena ngairm sa státseirbhís i bpoist iontrála agus téann siad ar aghaidh chuig poist níos sinsearaí.


Conair Ghairme

Is lucht saothair ionchuimsitheach ina bhfuil éagsúlacht le brath é lucht saothair na Státseirbhíse, agus bíonn deiseanna ann i gcónaí dul chun cinn a dhéanamh agus scileanna a fhoghlaim agus a fhorbairt. Tá réimse mór deiseanna ar fáil do dhaoine ar mhaith leo gairm sa Státseirbhís. Tugann an ghrafaic faisnéise thíos léargas ar Struchtúr na nGrád sa Státseirbhís agus ar chonairí gairme atá ar fáil inti.


Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár bPróiseas Earcaíochta, téigh go dtían leathanach ar a bhfuil Ceisteanna Coitianta agus chun teacht ar nodanna agus eolas praiticiúil faoin gcaoi ar féidir leat ullmhúchán a dhéanamh do na staideanna éagsúla den phróiseas earcaíochta, téigh go dtí ar na rannáin faoi Iarratais, Thrialacha agus Agallaimh.

Téigh go dtí an leathanach Dean Teagmhail Linn más mian leat dul i dteagmháil linn.